Mí na nAinmhithe

Dé Ceadaoin, an 15ú Deireadh Fómhair 2025


An raibh a fhios agaibh gurb í mí Dheireadh Fómhair ‘Mí na nAinmhithe’? Is am é le bheith ag smaoineamh faoin tábhacht a bhaineann leis na hainmhithe éagsúla ar an domhan seo.


In amanna, bíonn an chuma ar an scéal go síleann an cine daonna gur linne an domhan seo agus, mar sin, gur féidir linn cibé rud ba mhaith linn a dhéanamh leis a dhéanamh.


Ach, ní fíor sin! Tá an domhan seo á roinnt againn leis na céadta míle speiceas d’ainmhithe. Bíonn obair bhunriachtanach ar siúl ag go leor de na hainmhithe sin le leas an domhain. Cuirim i gcás, na beacha. Is ainmhithe beaga bídeacha iad, ach cuidíonn siad go mór leis na plandaí. (Thig leat níos mó a fhoghlaim faoi sin anseo.)


Cuireadh tús leis an fhócas ar ainmhithe, le linn mhí Dheireadh Fómhair, tá 100 bliain ó shin. Thiar sa bhliain 1925, thosaigh an scríbhneoir Gearmánach, Heinrich Zimmermann, a tharraingt airde ar na hainmhithe ag an am seo bliana. Ba mhaith leis go mbeadh daoine eolach ar na contúirtí a bhí ann do na hainmhithe, mar shampla, go raibh cuid acu ar tí imeacht in éag.

(Níl mórán ama fágtha ag cuid speiceas d'ainmhithe.)


Le linn na mblianta, thug daoine as tíortha eile faoi deara go raibh saol na n-ainmhithe i mbaol mar gheall ar rudaí a bhí ar siúl ag an chine dhaonna. De réir a chéile, spréigh an ceiliúradh ar Mhí na nAinmhithe ar fud an domhain. Sa lá atá inniu ann, bíonn daoine ag díriú aird ar chaomhnú na timpeallachta le cuidiú leis na hainmhithe atá i mbaol.

(Nuair a scriostar an timpeallacht, scriostar gnáthóg na n-ainmhithe.)


Ní hamháin gur chóir dúinn ainmhithe éagsúla a cheiliúradh le linn mhí Dheireadh Fómhair, ba cheart dúinn an deis a thapú le hathruithe a spreagadh sa domhan. Ba chóir dúinn an domhan seo a dhéanamh níos sábháilte do na hainmhithe ar fud na cruinne.


Ceisteanna Tuisceana:

1. Fíricí an Ailt:

  • Cén mhí den bhliain ina dtarlaíonn 'Mí na nAinmhithe'?
  • Cé a chuir tús leis an fhócas ar ainmhithe le linn mhí Dheireadh Fómhair?
  • Cén bhliain ar thosaigh sé seo?
  • Cá mhéad bliain ó shin a cuireadh tús leis an cheiliúradh seo?
  • Cén sampla d’ainmhí a thugtar san alt a dhéanann 'obair bhunriachtanach' don domhan?

2. Fianaise a lorg:

  • Cad é a bhí ag cur isteach ar Heinrich Zimmermann faoi na hainmhithe?
  • Cad é a bhíonn an cine daonna ag déanamh a chuireann saol na n-ainmhithe i mbaol?

3. Foclóir:

Mínigh i do chuid focal féin cad is brí le:

  • speiceas
  • bunriachtanach
  • imeacht in éag
  • caomhnú
  • de réir a chéile


Gníomhaíochtaí Breise:

1. Taighde agus Cur i Láthair (Tionscadal)

Ainmhithe i mbaol: Roghnaigh ainmhí amháin atá i mbaol ar fud an domhain nó in Éirinn. (Leid: is féidir libh na focail “in éag” a scríobh sa bharra cuardaigh ag barr an leathanaigh seo. Feicfidh sibh roinnt alt ina bhfuil eolas faoi ainmhithe atá i mbaol dul in éag, nó atá imithe in éag.)

  • Déan taighde ar an ainmhí sin (cá gcónaíonn sé, cad é a itheann sé, srl.).
  • Cén fáth a bhfuil sé i mbaol? (An bhfuil an cine daonna ag déanamh dochar dá ghnáthóg, mar shampla?)
  • Cad é is féidir a dhéanamh chun an t-ainmhí sin a shábháil?
  • Cruthaigh póstaer, bileog eolais, nó cur i láthair ríomhaire le do chuid eolais a roinnt leis an rang.

2. Scríbhneoireacht Chruthaitheach (Litir / Alt Nuachtáin)

Litir ar son na nAinmhithe: Scríobh litir chuig an Taoiseach nó do Theachta Dála (TD).

  • Sa litir, mínigh cén fáth a bhfuil Mí na nAinmhithe tábhachtach.
  • Iarr ar an rialtas níos mó a dhéanamh chun ainmhithe agus an timpeallacht a chosaint.
  • Cuir san áireamh samplaí de rudaí praiticiúla is féidir a dhéanamh (mar shampla, níos lú plaisteach a úsáid, cosaint a thabhairt do ghnáthóga).

3. Ealaín agus Feasacht

Feachtas Fógraíochta: Dear póstaer nó déan gearr-fhíseán le teachtaireacht chumhachtach faoi chaomhnú na n-ainmhithe.

Ba chóir go mbeadh an póstaer/físeán ildaite, tarraingteach, agus go mbeadh mana (sluán) simplí éifeachtach ann.

Sampla de Mhana: "Roinn an Domhan! Sábháil na hAinmhithe!" nó "Ar scáth a chéile a mhaireann… gach rud beo!"

4. Gníomhaíocht Phraiticiúil

Gníomhaíocht Scoile nó Pobail: Eagraigh gníomhaíocht bheag (le cead an mhúinteora/na scoile) le linn Mhí na nAinmhithe.

Mar shampla, bruscar a ghlanadh i gceantar scoile/páirce chun an ghnáthóg a dhéanamh níos sábháilte do na hainmhithe áitiúla.


meas