Mí Stair na nDaoine Gorma

Dé Máirt, an 14ú Deireadh Fómhair 2025


Is mí speisialta í mí Dheireadh Fómhair in Éirinn, Mí Stair na nDaoine Gorma. Tugann an mhí seo deis dúinn foghlaim faoi scéalta a bhaineann le daoine de phór Afracach nó Afra-Chaireibeach atá mar chuid de phobal na hÉireann anois. Agus is deis é le ceiliúradh a dhéanamh ar an mhéid atá déanta acu don Domhan agus don tír seo.

Le fada an lá, níor inis na leabhair scoile ach cuid den stair – scéalta faoi dhaoine geala den chuid is mó. Bhí go leor eolaithe, ealaíontóirí agus ceannairí gorma a rinne rudaí iontacha ach níor tugadh aitheantas ceart dóibh. Agus sin an fáth a bhfuil Mí Stair na nDaoine Gorma de dhíth – leis an fhírinne iomlán a insint.

Tá sé tábhachtach chomh maith go dtuigimid cad é an rud é ciníochas. Is é sin nuair a dhéantar leatrom ar phobal mar gheall ar dhath a gcraicinn. In amanna, ní féidir leo poist mhaithe a fháil nó bíonn orthu cónaí in áit faoi leith, drocháit, den chuid is mó. Bhí am ann nuair a rinneadh sclábhaithe de dhaoine gorma agus cé go bhfuil deireadh leis sin anois, maireann an smaoineamh go bhfuil daoine áirithe níos fearr ná daoine eile.

Tá an smaoineamh seo mícheart, ar ndóigh, agus má fhoghlaimímid faoin stair, tuigfidh muid cad chuige a bhfuil cothromas de dhíth. Is rud tábhachtach é go mbeadh meas againn ar gach duine.

Phil Lynott

Tá go leor daoine gorma ina gcónaí in Éirinn agus is mór an méid a rinne cuid acu ar son na tíre. Daoine cosúil leis na ceoltóirí Phyl Lynott agus Samantha Mumba, aisteoirí mar Ruth Negga, peileadóirí mar Adam Idah, reathaithe mar Rhasidat Adeleke agus an t-imreoir rugbaí, Simon Zebo. Taobh amuigh de sin, bíonn daoine gorma ag obair mar dhochtúirí, mar altraí, mar eolaithe agus ina lán post eile.

Rhasidat Adeleke

Ach ní bhaineann an ceiliúradh le Deireadh Fómhair amháin. Tá sé tábhachtach na scéalta faoi na daoine gorma a rinne an Domhan níos fearr a insint. Tugann an fhoghlaim seo cumhacht dúinn, cumhacht leis an domhan a thuigbheáil agus le meas a léiriú do gach duine. Mar sin, déanaimis ceiliúradh ar scéalta, ar chultúr agus ar chruthaitheacht na ndaoine gorma, nó is cuid dár stair féin iad.

Adam Idah


Ceisteanna:

1. Cén mhí a mbíonn Mí Stair na nDaoine Gorma ann?

2. Cad chuige a bhfuil Mí Stair na nDaoine Gorma tábhachtach?

3. Cad é an chiall atá le ‘ciníochas’?

4. Luaigh beirt Éireannach ghorma atá luaite sa téacs.

5. Cad é a chiallaíonn an focal ‘cothromas’?


Le plé:

An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach scéalta gach duine a insint sa stair? Cad chuige?


Cad chuige ar chóir dúinn na scéalta seo a insint i rith na bliana, ní hamháin i mí Dheireadh Fómhair?


Pictiúir:

Phil Lynott: David Fowler / Shutterstock.com

Rhasidat Adeleke: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Adam Idah: ph.FAB / Shutterstock.com


meas