Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá Seachtain an Mhata ann an tseachtain seo agus is deis í le domhan an Mhata a cheiliúradh. Leis an fhírinne a dhéanamh, tá an Mata ar fáil achan áit ar fud an Domhain! Bíonn sé le fáil sna huimhreacha a úsáidimid, sna patrúin a fheicimid, sna cruthanna a dhéanann ár saol agus sna puzail agus sna cluichí a imrímid. Tá sé de dhíth le roicéad spáis a thógáil agus le slisíní pizza a ghearradh, mar shampla.
Is seachtain speisialta í an tseachtain seo nó thig linn spraoi a bhaint as an Mhata! Ní bhaineann sé le suimeanna a dhéanamh i gcónaí, cé go bhfuil sin tábhachtach chomh maith. Baineann sé le mistéirí a fhuascailt, cóid a bhriseadh agus cluichí a imirt. Baineann an Mata le gach rud a tharlaíonn thart orainn. Mar shampla:
Cíor mheala
• Úsáideann beacha Mata: is heicseagán é gach cíor mheala acu.
• Tá Mata de dhíth ar pheileadóirí: caithfidh tú an uillinn a oibriú amach le cúl a scóráil.
• Is cuid den Mhata é an ceol: bíonn patrúin sna buillí agus sna rithimí.
• Is maith leis an nádúr uimhreacha: Tá uimhreacha Fibonacci le feiceáil i mbláthanna agus fiú i hairicíní!
Tá uimhreacha Fibonacci le feiceáil i mbláthanna
Agus níl anseo ach liosta gairid. Má dhéanann tú iarracht scileanna Mata a fhorbairt, beidh tuiscint níos fearr agat ar an domhan thart ort. Cuideoidh sé leat fadhbanna a fhuascailt agus leis an chinneadh cheart a dhéanamh. Bíonn an Mata de dhíth ina lán jabanna suimiúla, chomh maith. Má tá spéis agat i gcluichí ríomhaire, mar shampla, b’fhéidir gur mhaith leat bheith i d’fhorbróir cluichí do Playstation nó Nintendo. Má tá tú le domhan a chruthú ar an scáileán, beidh ort bheith eolach ar chruthanna, spás agus gluaiseacht – rudaí uilig a bhaineann leis an Mhata!
Forbróir cluichí ríomhaire
Mar sin, is fiú spéis a chur sa Mhata ar scoil, seans go mbeidh post iontach agat mar gheall air!
Le plé:
Luaigh muid roinnt post a mbíonn an Mata úsáideach leo. Cuirigí liosta le chéile de phoist eile a mbíonn an Mata tábhachtach iontu. Ansin, trí vóta sa rang, cuir na poist in ord, ag tosú leis an cheann is mó spéis.
Le déanamh:
Bain triail as cuid de na cluichí Mata ar an suíomh seo. Cuir an focal ‘puzail’ isteach san inneall cuardaigh.
Bain triail as na cluichí mata seo nó seo.
Don Mhúinteoir
Tá sraith póstaer i nGaeilge ó Mathsweek ar fáil le híoslódáil thíos. Tuilleadh eolais faoi Sheachtain an Mhata ar fáil anseo.