Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is cuma cén t-ainm a thugann tú air, brachán nó leite – tá sé iontach maith duit!
An maith leatsa brachán? Tá an brachán, nó an leite, ar cheann de na bianna is sine ar domhan, tá daoine á ithe leis na mílte bliain – ó chéadtosaigh muid ar an fheirmeoireacht. Déanann tú é as grán – sin na síolta a fhaighimid ó phlandaí amhail coirce, cruithneacht nó eorna – agus bainne nó uisce te.
Fásann feirmeoirí na barra seo
Bhí an brachán thar a bheith tábhachtach riamh anall in Éirinn. Is nós linne ár gcuid bracháin a dhéanamh as coirce. Fásann an coirce go measartha furasta, ar a lán cineálacha talaimh, go fiú talamh bocht. Bhí sé sin úsáideach againne nó tá go leor talaimh in Éirinn nach talamh maith feirmeoireachta é!
Bhí sé furasta ag feirmeoirí an coirce a fhás ar thalamh nach raibh chomh maith sin
Tá cuid mhór buntáistí ag baint leis an bhrachán. Níl mórán coirce de dhíth le pota bracháin a dhéanamh – mar sin, tá sé measartha saor. Bíonn sé furasta a stóráil fosta agus ní imíonn sé as dáta go furasta. Bhí sé sin maith nó ní raibh mórán cuisneoirí ann in Éirinn sa seanam!
Tá a lán cothaitheach ann agus tá sé déanta de chomhábhair nádúrtha, fágann sé sin go bhfuil sé iontach maith duit. Buntáiste eile ná go líonann an brachán thú – mothaíonn tú lán i ndiaidh duit babhla a ithe.
Bíonn brachán, torthaí agus mil iontach blasta don bhricfeasta!
Ach an rud is fearr den iomlán – tá sé thar a bheith blasta!
Praiseach
Sa seanam in Éirinn – thug muid ‘praiseach’ ar an bhrachán. Is minic a chuir daoine luibheanna sa phraiseach le blas a thabhairt dó. Tá ciall eile le praiseach sa lá atá inniu ann, ar ndóigh.
Má dhéanann tú praiseach de rud – ciallaíonn sé nach bhfuil sé déanta i gceart agat nó go bhfuil prácás déanta agat.
Rinne tú praiseach ceart sa chistin! Tá an chistin ina bhrachán agat!
Brachán
Is féidir brachán a dhéanamh de rud fosta, nó má deir duine leat, ‘tá sé ina bhrachán agat’ – ciallaíonn sé sin go bhfuil praiseach déanta agat.
Má deir duine, ‘Tá an brachán doirte anois agat’ – ciallaíonn sé sin, ‘Tá trioblóid tosaithe agat anois!’.
Tá an brachán doirte anois agat! Beidh tú i dtrioblóid!
Má iarrann tú ar dhuine rud a dhéanamh duit nó rud a thabhairt duit, agus má thagann an rud rómhall – thiocfadh leat a rá ‘Brachán ó aréir é’. Ciallaíonn sé sin, tá sé rómhall anois nó cén mhaith dom anois é!
‘Tá sé rómhall scáth fearthainne a thabhairt dom anois – is brachán ó aréir é!’
Leite
I dtaca leis an leite, má thugann duine éigin ‘ceann leitean’ ort, tá siad a rá go bhfuil tú rud beag amaideach, agus má tá lámha leitean ort, ciallaíonn sé go mbíonn tú ciotach nó go ligeann tú do rudaí titim go rófhurasta!
‘Tá lámha leitean ort!’
I mBéarla, deirtear gur ‘butterfingers’ thú!
Beidh níos mó eolais againn daoibh ar an bhrachán, mar aon le seanfhocal na seachtaine, amárach!
Ceisteanna Tuisceana
🥣 Cad é an príomh-chomhábhar a úsáidtear le brachán a dhéanamh in Éirinn?
🥣 Cén fáth a raibh sé úsáideach gur fhás an coirce go furasta ar thalamh nach raibh maith?
🥣 Cén fáth a raibh an brachán tábhachtach fadó in Éirinn? Luaigh 3 rud.
🥣 Cad a chiallaíonn an nath cainte ‘praiseach a dhéanamh de rud’?
🥣 Cad is brí leis an abairt ‘Tá an brachán doirte anois agat’?
🥣 Má deir duine leat go bhfuil lámha leitean ort – an dea-rud nó drochrud é sin? Cén fáth?
Le Plé
💬 An maith leat féin brachán nó ar ith tú féin é riamh? Murar ith, cén fáth? Má tá dúil agat ann, cad é mar a itheann tú é? Cad iad na rudaí a bhíonn deas sa bhrachán?
💬 Tá an brachán maith mar chuid de bhricfeasta sláintiúil. Cad iad na rudaí eile a bheadh maith mar chuid de bhricfeasta sláintiúil?
💬 An dtig leat smaoineamh ar bhianna eile a dtugtar ‘bianna traidisiúnta’ de chuid na hÉireann orthu? An bhfuil dúil agat féin iontu?
💬 Cén sórt bianna is mó a bhfuil dúil ag na hÉireannaigh iontu sa lá atá inniu ann?