An tOchtapas

Dé Céadaoin, an 8ú Deireadh Fómhair, 2025

Inniu Lá Domhanda na nOchtapas. Is ainmhí an-suimiúil é an t-ochtapas. Bíonn sé ina chónaí san fharraige.

Seo ocht bhfíric spéisiúil faoi na hochtapais.


An raibh a fhios agaibh?

🐙 Tá 8 ngéag ar gach ochtapas (sin an fáth a bhfuil “ocht” mar chuid dá n-ainm).


🐙 Níl cnámh ar bith ag ochtapas! Bíonn a gcorp iomlán bog agus solúbtha. Mar gheall air sin, tá siad ábalta dul i bhfolach i spásanna atá beag agus cúng.


🐙 Tá siad cliste mar ainmhithe. Thig leo foghlaim, cuimhneamh ar rudaí agus puzail a réiteach, go fiú.

(Ní féidir leo léamh, ar ndóigh! Ach is ainmhithe cliste iad na hochtapais.)


🐙 Tá 3 chroí acu! Cuidíonn dhá chroí acu seo leis an ocsaigin a bhailiú ó na geolbhaigh agus cuireann an croí eile an fhuil lán d’ocsaigin thart ar an chorp. (Is iad na geolbhaigh an chuid den chorp a chuidíonn leo análú san uisce. Bíonn geolbhaigh ag na héisc fosta.)

(Úsáideann éisc agus ochtapais a ngeolbhaigh le hocsaigin a thógáil ón uisce.)


🐙 Úsáideann na hochtapais dúch le hiad féin a chosaint. (Scaoileann siad leacht dubh, cosúil leis an dúch a bhíonn taobh istigh de pheann, nuair a bhíonn siad i gcontúirt. Ansin, thig leo imeacht go gasta as radharc a namhad.)

(Cuireann seo mearbhall ar an namhaid agus tugann sé deis don ochtapas éalú.)


🐙 Thig le hochtapas a dhathanna a athrú le dul i bhfolach ó ainmhithe eile. Duaithníocht a thugtar air sin.

(Tá sé doiligh an t-ochtapas a fheiceáil anseo.)


🐙 Is féidir leo snámh, ach is fearr leo siúl ar ghrinneall na farraige.


🐙 Is fearr leo bheith ina n-aonar. Ní bhíonn siad ag maireachtáil i ngrúpaí mar a bhíonn cuid mhór ainmhithe eile.


Gnáthóg an Ochtapais

Bíonn ochtapais le fáil in achan fharraige ar domhan. Is maith le cuid ochtapas bheith beo in uisce te agus is fearr le cuid eile maireachtáil in uisce fuar. Is créatúir chúthaile iad na hochtapais. Is breá leo dul i bhfolach sna carraigeacha ar ghrinneall na farraige nó i bpluaiseanna thíos faoin uisce.


Itheann siad portáin, cloicheáin agus crústaigh eile. (Is ainmhithe mara iad na crústaigh a mbíonn blaosc chrua orthu.)

(cloicheán)


Ceisteanna:

  1. Cá mhéad géag atá ar ochtapas?
  2. Cad é is féidir le hochtapas a dhéanamh ós rud é nach bhfuil cnámha aige?
  3. Cad é a dhéanann ochtapas nuair atá sé i mbaol?
  4. Cén fáth a n-athraíonn ochtapas dath?
  5. Cén bealach ar fearr le hochtapas taisteal tríd an uisce?
  6. An mbíonn ochtapais le fáil i ngrúpaí?
  7. Cá gcónaíonn ochtapais?
  8. Cad é a itheann ochtapais?


Le déanamh:

Léigh siar ar an alt: Léigh siar ar an alt thuas faoi na hochtapais agus scríobh 3 rud nua a d’fhoghlaim tú.


Cruthaigh Póstaer: Déan póstaer ildaite le Lá Domhanda na nOchtapas a cheiliúradh. Cuir pictiúir, fíricí agus dathanna air.


Ealaín - Déan Ochtapas: Úsáid páipéar ildaite agus ábhair athchúrsáilte le hochtapas a chruthú.


Scríobh Gearrscéal: Samhlaigh gur ochtapas thú! Scríobh gearrscéal faoi do shaol faoin fharraige.


Déan Turgnamh Beag: Foghlaim faoin duaithníocht – déan turgnamh le dathanna agus patrúin dhifriúla lena thaispeáint cad é mar a théann ainmhithe i bhfolach.


Éist le dán: An bhfuil an dán greannmhar seo ar eolas agat? Éist leis anseo. (Brúigh ar an chnaipe “Dán” agus ansin seinn é.)


Gnáthóga: Cuir an focal “gnáthóg” sa bharra cuardaigh thuas agus léigh alt eile faoin topaic sin.


Bileog Eolais: Cruthaigh bileog eolais leis na fíricí faoi na hochtapais a léiriú ar bhealach atá spéisiúil agus tarraingteach.


meas