Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Cad é an sprioc atá le spórt? Is minic a bhímid ag smaoineamh ar na buaiteoirí agus na daoine a rinne sárthaispeántas le linn an chluiche. Ach bíonn taobh eile den spórt ann chomh maith. Is é sin le daoine a thabhairt le chéile.
Agus sin an rud a tharla i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo a chuaigh thart. Bhí cúig Ghaelscoil páirteach sa chomórtas ‘Blitz Peile 2468’ agus níos mó ná 100 páiste ag imirt. Ar na scoileanna a ghlac páirt ann bhí, Bunscoil Synge, Gaelscoil Inse Chór, Gaelscoil Lios na nÓg, Scoil Bhríde agus Gaelscoil Eoin.
Tugtar ‘Blitz 2468’ ar an chomórtas nó is iad sin na ceantair i mBaile Átha Cliath a bhí i gceist, BÁC 2,4, 6 agus 8. Is ceantair iad seo atá ar an bhruach ó dheas d’Abhainn na Life sa chathair. Go dtí le gairid, ní raibh Gaelcholáiste sa cheantar seo. Mar sin, ní raibh scoil mhór Ghaeilge do na páistí ag na Gaelscoileanna sa cheantar. Ach anois, tá Gaelcholáiste nua ann, Gaelcholáiste Synge, agus bhí an comórtas ann le tacaíocht a thabhairt di. Chomh maith leis sin, bhí seans ag na daltaí ó na 5 scoil bualadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile. Seans maith go mbeidh siad ina gcairde sa scoil mhór.
Abhainn na Life i mBaile Átha Cliath
Bhí an comórtas ar siúl i nGaelscoil Inse Chór ach ní raibh an bhéim ar bhuaiteoirí – ba cheiliúradh é ar an phobal sa cheantar agus ar an Ghaeilge. Chuir an lucht eagraithe béim ar an tacaíocht a bheadh de dhíth ar an Ghaelcholáiste, go mbeadh áiseanna maithe ag an scoil agus go leor múinteoirí le Gaeilge ann.
Ráth Garbh i ndeisceart Bhaile Átha Cliath
Scoil Bhéarla a bhí sa scoil go dtí seo agus bhí imní ar chuid de na múinteoirí nach raibh go leor Gaeilge acu le leanúint de bheith ag teagasc sa scoil nua.
Ceisteanna:
1. Cá mhéad scoil a ghlac páirt sa blitz?
2. Cén scoil a raibh an comórtas ar siúl inti?
3. Cad é ainm an Ghaelcholáiste nua?
4. Cén fáth a raibh an blitz tábhachtach?
5. Luaigh dhá scoil a bhí páirteach.
Le déanamh:
Samhlaigh go raibh tú i láthair ag an bhlitz. Scríobh cúpla líne mar iriseoir óg:
• Cad é a chonaic tú?
• Cad é is mó a thaitin leat?
• Cad é a bheadh de dhíth ort sa Ghaelcholáiste nua?
Is giorrúchán é BÁC ar ‘Bhaile Átha Cliath’. Déan liosta de ghiorrúcháin eile atá ar eolas agat. An bhfuil a fhios agat cad dó a seasann na litreacha do gach ceann?
Pictiúir:
Ráth Garbh: Brendain Donnelly / Shutterstock.com