Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bíonn Lá na dTeangacha Eorpacha ann gach bliain ar an 26ú Meán Fómhair
Is é an lá inniu Lá na dTeangacha Eorpacha. Is lá é le haird a dhíriú ar theangacha difriúla na hEorpa, agus lenár dteanga féin a cheiliúradh. Tá na teangacha thar a bheith tábhachtach, ar ndóigh, mar chuid den chultúr agus den fhéiniúlacht s’againn agus mar bhealach le cumarsáid a dhéanamh le daoine eile.
Bíonn níos mó ná 250 teanga dhifriúil á labhairt san Eoraip
Tá níos mó ná 250 teanga ann san Eoraip agus labhraíonn níos mó ná an leathchuid de phobal na hEorpa níos mó ná teanga amháin. Mar sin, is é an gnáthrud é san Eoraip tú a bheith dátheangach – cosúil linne!
Is teanga oibre í an Ghaeilge san Aontas Eorpach
San Aontas Eorpach, tá 24 teanga oibre ann, seo na teangacha a thig leat a úsáid i bParlaimint na hEorpa. Tá an Ghaeilge ar cheann acu. Is dea-scéal é sin dúinne, nó ciallaíonn sé go mbíonn poist ann d’aistritheoirí Gaeilge san Eoraip agus go mbíonn cead ag na polaiteoirí Éireannacha Gaeilge a labhairt sa Pharlaimint (má tá sí acu).
An drochscéal atá ann, áfach, ná go bhfuil an Ghaeilge difriúil leis na teangacha oibre eile uilig ar bhealach amháin. As 24 teanga oibre, is í an Ghaeilge an t-aon teanga a gcuirtear síos di go bhfuil sí i mbaol. Ciallaíonn sé sin ann go bhfuil fíor-bhaol ann go bhfaighidh an Ghaeilge bás mar ghnáth-theanga labhartha sa phobal sna blianta atá romhainn.
Nuair a labhraíonn daoine teanga faoi leith le chéile, taobh amuigh den scoil agus den obair, bíonn seans níos fearr ag an teanga sin fanacht slán
Tá slata tomhais difriúla ann le sláinte teanga a mheas. Mar shampla, an céatadán den phobal atá ábalta an teanga a labhairt, nó an líon daoine a labhraíonn an teanga mar ghnáth-theanga taobh amuigh den scoil nó den obair. In amanna, amharcann saineolaithe teanga ar an mhéid tuismitheoirí a labhraíonn an teanga lena bpáistí – nó an méid páistí a úsáideann an teanga taobh amuigh den scoil nó den teaghlach s’acu.
Léiríonn gach slat tomhais an rud céanna – tá an Ghaeilge i dtrioblóid. Tá líon na ndaoine a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil, taobh amuigh den scoil agus den obair, ag titim.
An bhfuil muid ag ligean don Ghaeilge imeacht uainn?
Is cúis bhróin agus díomá é seo, go cinnte, ach níor cheart go gcuirfeadh sé lagmhisneach orainn. Tá na fadhbanna céanna ag cuid mhór teangacha mionlaigh fud fad an domhain agus tá pobail teanga i ngach cearn den Eoraip ag obair go crua lena dteanga féin a láidriú.
Sa Bhreatain Bheag, ba mhaith leo na scoileanna Breatnaise a úsáid leis an teanga a dhéanamh níos láidre
Sa Bhreatain Bheag, ba mhaith leo seo a dhéanamh tríd an oideachas. Tá pleananna acu níos mó scoileanna Breatnaise a oscailt agus, leis an phlean Cymraeg 2050, ba mhaith leo milliún cainteoir Breatnaise a bheith acu faoin bhliain 2050. I dtír na mBascach, tá an t-oideachas trí mheán na Bascaise ag cuidiú leosan fosta, le líon na gcainteoirí Bascaise a ardú.
Tá Tír na mBascach suite idir an Fhrainc agus an Spáinn. Tá na Bascaigh iontach bródúil as a gcultúr agus a dteanga. Níor mhaith leo go nglacfadh an Spáinnis ná an Fhraincis áit na Bascaise
Tá líon na nGaelscoileanna sa tír seo ag fás. Tá Gaeilge againne uilig, labhraímid Gaeilge gach uile lá ar scoil. Tá na mílte againn ann, fud fad na tíre. Tá sé de chumhacht againne uilig todhchaí na teanga a dhéanamh níos cinnte…fad is go dtuigimid nach stadann an Ghaeilge nuair a dhruidtear geataí na scoile. Ar Lá na dTeangacha Eorpacha, bímis bródúil as an Ghaeilge, nó is rud í a thugann féiniúlacht ar leith dúinn.
Is teanga don saol í an Ghaeilge, ní don scoil amháin. Beidh streachailt againn í a dhéanamh níos láidre. Má labhraímid Gaeilge le chéile i rith an ama, beidh sé níos fusa againn an streachailt sin a bhaint!
Le plé
🗣️ Cén fáth a mbíonn Lá na dTeangacha Eorpacha ann?
🗣️ An bhfuil gá le 250 teanga san Eoraip, nach mbeadh sé níos fusa ceann amháin a roghnú agus gach duine an teanga sin a fhoghlaim? Béarla, nó Fraincis, mar shampla? Mínigh do fhreagra.
🗣️ Cad iad na buntáistí a bhaineann le bheith dátheangach?
🗣️ Samhlaigh go bhfaighfeá féin post mar ‘Aire na Gaeilge’ sa rialtas. Cén sórt pleananna a bheadh agat leis an teanga a láidriú?
Ceisteanna
1. Cén dáta ar a mbíonn Lá na dTeangacha Eorpacha gach bliain?
2. Cá mhéad teanga oibre atá in san Aontas Eorpach?
3. Cén teanga amháin as an 24 atá i mbaol, dar leis an téacs?
4. Luaigh dhá phobal teanga san Eoraip atá ag obair lena dteanga a neartú.
5. Cén fáth a bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag titim, dar leis an téacs?
6. Cad is brí leis an téarma “slat tomhais” sa téacs?
7. Cad é an sprioc atá ag an phlean Cymraeg 2050 sa Bhreatain Bheag?
8. Cén chomhairle atá ann ag deireadh an ailt do lucht na Gaelscolaíochta?
Líon isteach na bearnaí leis na focail chearta:
1. Tá níos mó ná teanga ann san Eoraip.
2. Labhraíonn níos mó ná an de phobal na hEorpa níos mó ná teanga amháin.
3. In Aontas na hEorpa, tá teanga oibre ann.
4. As na 24 teanga oibre, is í an t-aon teanga atá i mbaol.
5. Amharcann saineolaithe ar an mhéid a labhraíonn an teanga lena bpáistí.