Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Inniu Lá na Poncaíochta. Seans nach bhfuil mórán ar eolas agat faoin fhocal “poncaíocht”, ach tá sé iontach tábhachtach don scríbhneoireacht agus don léitheoireacht. Cad is poncaíocht ann, mar sin? Bhuel, is ionann poncaíocht agus na marcanna beaga agus spásanna beaga a chuirimid idir focail le go mbeidh siad níos fusa a léamh.
An raibh a fhios agat go raibh sé iontach deacair téacsanna a léamh fadó, fadó? Ní raibh spásanna idir na focail mar ní raibh poncaíocht ar bith ann! Bain triail as seo go bhfeice tú: bhísédochreidtedeacairleabhairaléamhfadófadóganspásannanáceannlitreachaiontu
An bhfeiceann tú cé chomh deacair is atá sé?
Is é sin an fáth ar chum daoine an phoncaíocht. Cuidíonn an phoncaíocht linn stopadh idir na focail agus na habairtí. Bíonn sos againn le hanáil a tharraingt. Ní hamháin gur cuidiú é seo dúinn leis na focail a léamh, ach cuidíonn sé go mór linn an méid atá scríofa a thuigbheáil. Gan na comharthaí beaga, ar nós lánstadanna agus camóga, bheadh an scríbhneoireacht chóir a bheith doléite agus dothuigthe!
An Phoncaíocht is Tábhachtaí
Seo roinnt de na comharthaí poncaíochta is tábhachtaí agus an bealach lena n-úsáid:
An Lánstad (.)
Is é an lánstad an comhartha is mó a úsáideann tú. Cuireann tú é ag deireadh abairte nuair atá an smaoineamh críochnaithe.
Sampla: Tá an cat ina luí ar an leaba.
An Chamóg (,)
Is sos beag í an chamóg. Úsáideann tú í le rudaí a scaradh i liosta nó le sos beag a thaispeáint in abairt.
Sampla: Cheannaigh mé úlla, bananaí, trátaí agus oráistí.
An Comhartha Ceiste (?)
Má bhíonn tú ag cur ceiste, is é seo an comhartha atá de dhíth ort! Cuireann tú é ag deireadh ceiste.
Sampla: An bhfuil tú ag dul amach ag súgradh?
An Comhartha Uaillbhreasa (!)
Úsáideann tú é seo nuair ba mhaith leat béim a leagan ar rud éigin spreagúil, iontach nó an-tábhachtach.
Sampla: Is breá liom seacláid!
An Cheannlitir (A, B, C...)
Ní comhartha beag é seo, ach tá sé tábhachtach! Úsáideann tú ceannlitir i dtús gach abairte. Úsáideann tú ceannlitir fosta le hainmneacha daoine nó áiteanna a thaispeáint.
Sampla: Tá Séamas ag dul go Dún Geanainn.
Na Comharthaí Cainte (" ")
Úsáideann tú iad seo nuair a bhíonn tú ag scríobh na bhfocal a dúirt duine éigin.
Sampla: Dúirt Máire, "Tá an aimsir go deas inniu!"
Is léir go bhfuil an phoncaíocht an-tábhachtach dúinn mar sin. Mura n-úsáideann tú í, bheadh sé deacair ag daoine eile an méid atá scríofa agat a thuigbheáil. Cuidíonn an phoncaíocht leat do chuid scéalta agus scríbhneoireachta a dhéanamh soiléir agus suimiúil.
Mar sin, nuair a bhíonn tú ag scríobh, ná déan dearmad ar na comharthaí beaga poncaíochta! Cuideoidh siad leat a bheith i do scríbhneoir iontach!
Ceisteanna:
1. Cad chuige a raibh sé deacair leabhair a léamh fadó, fadó?
2. Cén uair a úsáideann tú an lánstad?
3. Cad é an difear idir comhartha ceiste (?) agus comhartha uaillbhreasa (!) ?
4. Cad iad na trí chás ina n-úsáideann tú ceannlitir, de réir an téacs?
5. Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach an phoncaíocht a úsáid agus tú ag scríobh?
Gníomhaíochtaí:
❗ Scríobh abairt ina bhfuil lánstad agus camóg.
❗ Scríobh abairt agus ceist leis an úsáid cheart de lánstad (.) agus comhartha ceiste (?) a léiriú.
❗ Scríobh abairt ina bhfuil comhartha uaillbhreasa (!) le rud éigin spreagúil nó iontach a thaispeáint.
❗ Scríobh abairt ina bhfuil comharthaí cainte (“ “) leis an mhéid a dúirt duine a léiriú.
❗ Scríobh abairt ina bhfuil trí ainm agus cuir na ceannlitreacha sna háiteanna cearta.
❗ Dear do phóstaer féin leis an phoncaíocht a mhíniú do dhaltaí eile.
👩🏫 A mhúinteoirí, tá áiseanna úsáideacha le cuidiú le teagasc na poncaíochta ar fáil anseo.