6,000 pláinéad


Dé Luain, an 22ú Meán Fómhair 2025


Ar amharc tú sa spéir oíche gheal riamh? Bíonn na mílte réalta le feiceáil mar aon leis na pláinéid sa ghrianchóras s’againne. Tá difear mór idir réaltaí agus pláinéid. Déanann réaltaí a gcuid solais féin nó is liathróidí móra gáis iad ina n-athraíonn hidrigin go héiliam. Scaoileann an próiseas seo a lán teasa agus lonraíonn an réalta sa spéir. Is réalta í an Ghrian agus cuidíonn an teas ón Ghrian le gach rud beo ar an Domhan maireachtáil.

Is réalta í an Ghrian

Ní scaoileann na pláinéid solas dá gcuid féin agus feicimid iad nuair a fhrithchaitheann siad solas ón Ghrian. Bíonn cuid acu déanta de charraig, cosúil leis an Domhan, agus cuid eile acu déanta de ghás, mar atá Iúpatar, mar shampla. Difear mór eile idir pláinéid agus grianta ná go mbíonn na grianta i bhfad níos mó. Tá an Ghrian níos mó ná milliún uair níos mó ná an Domhan, mar shampla.

De ghnáth, bíonn ná pláinéid i bhfad níos lú ná na grianta

Ar na cúiseanna sin, bíonn sé iontach doiligh ar réalteolaithe pláinéid a aimsiú amuigh sa Spás. Samhlaigh go raibh tú ag iarraidh teacht ar chuileog bheag in aice le teach solais agus tú míle ar shiúl!

Teach solais

Tugtar ‘eiseapláinéid’ ar na pláinéid taobh amuigh den Ghrianchóras agus tá cúis faoi leith ag réalteolaithe dul ar thóir na bpláinéad seo. Bíonn na réaltaí ró-the do rudaí beo, mar sin, má tá beocht le bheith amuigh sa Spás, is mó an seans go mbeidh sí ar fáil ar phláinéad, nó fiú gealach ag dul thart ar phláinéad.

An mhí seo, d’fhógair réalteolaithe gur aimsigh siad níos mó ná 6,000 pláinéad amuigh sa Spás. Cuidíonn teileascóip nua atá amuigh sa Spás leis an jab seo nó ní chaithfidh siad amharc tríd atmaisféar an Domhain, rud a chuireann grianghraif as a riocht. Ceann de na cinn is tábhachtaí ná Spás-teileascóp James Webb. Agus rud thar a bheith spéisiúil, d’aimsigh siad pláinéad nó dhó a bhfuil na comharthaí acu gur féidir go bhfuil beocht orthu. Níl aon rud cinnte go fóill ach leanfaidh na réalteolaithe de bheith ag déanamh staidéir ar na pláinéid seo.

Cuireann atmaisféar an Domhain isteach ar an phictiúr a fhaighimid den Spás


Ceisteanna:

    1. Cad é an difear idir réalta agus pláinéad?

    2. Cad chuige nach bhfeicimid pláinéid ach nuair a fhrithchaitheann siad solas ón Ghrian?

    3. Cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin ar réalteolaithe pláinéid nua a aimsiú?

    4. Cad é an t-ainm a thugtar ar phláinéid taobh amuigh dár ngrianchóras?

    5. Cá mhéad pláinéad nua a aimsíodh le déanaí?


Le déanamh:

Cruthaigh eiseapláinéad samhlaíoch, tabhair ainm dó agus dear pictiúr de. An áit fhuar nó te é, an bhfuil ainmhithe agus plandaí air, srl.

Nó: Samhlaigh go raibh tú i do réalteolaí agus gur aimsigh tú pláinéad nua. Déan cur síos ar an phláinéad seo: Cén chuma atá air? Cén cineál atmaisféir atá ann? Cad iad na cineálacha rudaí beo a d’fhéadfadh maireachtáil ann?


meas