Baghcat

Dé hAoine, an 19ú Meán Fómhair 2025


Foclóir Scoile Gaeilge-Gaeilge

baghcat (fir.)

sainmhíniú

baghcat — nuair a dhiúltaíonn tú na táirgí nó na seirbhísí a dhíolann duine, comhlacht nó tír, a cheannach. Is agóid é seo le brú a chur orthu rud éigin a athrú nó a stopadh.

Samplaí úsáide

  • Sampla 1Rinne na scoláirí baghcat ar tháirgí sa Seapáine mar go raibh an tSeapáin ag tacú le marú na míolta móra.
  • Sampla 2Dúirt an comhlacht go stopfadh siad de bheith ag úsáid clúdach plaisteach ar a gcuid bia, dá mbeadh na grúpaí timpeallachta sásta éirí as an bhaghcat.


Ar an lá seo (an 19ú Meán Fómhair), sa bhliain 1880, bhí polaiteoir Éireannach darbh ainm Charles Stewart Parnell ag caint le slua mór daoine in Inis, Contae an Chláir. Bhí sé ag caint ar na tiarnaí talún Sasanacha, agus an dóigh ar chaith siad go míchothrom leis na gnáthdhaoine in Éirinn. 

Charles Stewart Parnell


An t-am sin, ba le tiarnaí talún Sasanacha nó Angla-Éireannacha an chuid is mó den talamh in Éirinn. Lig siad do na hÉireannaigh cónaí ar an talamh, fad is go mbeadh siad sásta obair ar an talamh agus cíos (an-ard, go minic) a íoc. Thiocfadh leis an tiarna talún na gnáthdhaoine a chaitheamh amach as a dteach in am ar bith, mura mbeadh siad ábalta an cíos a íoc, nó, in amanna, gan cúis ar bith.

Cuid mhaith de na tiarnaí talún, níor chónaigh siad in Éirinn go fiú ach ba leo an talamh agus bhí ar na gnáthdhaoine cíos a íoc leo


Ag an am seo, bhí iar-chaptaen in Arm na Breataine, Charles Boycott, ag obair mar bhainisteoir ag tiarna talún Sasanach i gContae Mhaigh Eo. Chaith Boycott go hiontach mí-chothrom leis na daoine a chónaigh ar thalamh an tiarna talún. 

Bhailigh Boycott an cíos don tiarna talún i Sasana agus mura raibh na daoine ábalta an cíos a íoc, chaith sé amach as a dteach iad!

Teaghlach á gcaitheamh amach as a dteach i gContae an Chláir sna 1870idí



Arsa Parnell leis an slua a bhí i láthair:

Má chaitheann Tiarna Talún teaghlach as a dteach agus má thagann duine eile le cónaí a dhéanamh sa teach, cad é ba cheart dúinn a dhéanamh leis an duine sin?

Scaoil é!’ an freagra a thug duine amháin sa slua. Ach, bhí smaoineamh eile ag Parnell:

In áit foréigean a úsáid, níl le déanamh againn ach droim láimhe a thabhairt don duine sin. Gan labhairt leis, gan rud ar bith a dhíol leis ná rud ar bith a cheannach uaidh. Gan suí in aice leis i dteach an phobail go fiú!

Thug na daoine droim láimhe do dhuine ar bith a bhí ag obair do thiarnaí talún míréasúnta nó do dhuine ar bith a chuidigh leo


Agus sin an rud a rinne na daoine. Thug na Gaeil ‘Baghcat’ nó Boycott ar an chineál agóide seo, in ómós don chaptaen chruálach, Charles Boycott!

Ó shin i leith, is teaictic iontach cumhachtach í an bhaghcatáil, le brú a chur ar dhuine nó comhlacht nó tír a gcuid dóigheanna a athrú. Is bealach síochánta é le cur isteach ar dhream eile atá níos láidre ná tú. An t-am sin, chonaic na tiarnaí talún go gcaillfeadh siad airgead dá gcaithfeadh siad go míchothrom le daoine, nó ní bheadh duine ar bith eile sásta teach a ghlacadh ar cíos uathu, ná seirbhísí a chur ar fáil dóibhsean nó do na daoine a d’oibrigh dóibh. 

Daoine ag iarraidh baghcat a eagrú in éadan comhlacht bia i Meiriceá – cén fáth, i do bharúil?

Pic le Dave Hogg as Royal Oak, MI, SAM - ó Flickr, CC BY 2.0, trí Wikimedia Commons


Bíonn an focal baghcat le cluinstin go minic sa nuacht sa lá atá inniu ann. Ach is dócha nach bhfuil a fhios ag na léitheoirí nuachta uilig gur muidne in Éirinn a tháinig aníos leis an ainm atá ar an chleas seo!

Daoine sa Spáinn ag iarraidh baghcat ar Iosrael – an bhfuil a fhios acu gur tháinig an focal ‘baghcat’ as Éirinn?

Pic le www.mariomartija.es / Shutterstock.com


Mar shampla, tá daoine fud fad an Domhain ag baghcatáil rudaí a dhíolann Iosrael, faoi láthair, nó rudaí a dhíolann comhlachtaí a thacaíonn le hIosrael. Tá siad á dhéanamh seo mar gheall ar an chinedhíothú* atá ar bun ag Iosrael in éadan mhuintir Gaza agus mar gheall ar an dóigh a mbíonn Iosrael i gcónaí ag briseadh an dlí idirnáisiúnta sa chuid eile den Phalaistín.


*Dúirt na Náisiúin Aontaithe an tseachtain seo go gcruthaíonn an fhianaise uilig go bhfuil cinedhíothú ar bun ag Iosrael. Seo an rud is measa a thig le tír ar bith a dhéanamh ar thír nó ar phobal daoine eile. 

Thug na Náisiúin Aontaithe cinedhíothú ar an mhéid atá ar bun ag stát Iosrael in Gaza

Pic le Anas-Mohammed / Shutterstock.com

Tá Iosrael iontach saibhir agus tá arm iontach láidir acu mar go bhfaigheann siad airgead agus tacaíocht ó Mheiriceá agus ó thíortha eile. Briseann siad an dlí idirnáisiúnta arís agus arís eile ach ní tharlaíonn rud ar bith dóibh mar go mbíonn SAM ag tacú leo i gcónaí. Síleann a lán daoine gurb é an bhaghcatáil an bealach is fearr le tabhairt ar Iosrael a gcuid dóigheanna a athrú.


Le plé

💭 “Caithfidh gach comhlacht tacú leis an tír ina bhfuil sé lonnaithe. In Éirinn, mar shampla, déanann roinnt comhlachtaí móra iarracht an Ghaeilge a úsáid (thig leat ordú a chur isteach as Gaeilge i mbialanna McDonalds sa deisceart) nó cuireann siad airgead agus tacaíocht ar fáil do dhaoine óga nó don spórt in Éirinn. Tá sé nádúrtha go ndéanfadh siad rudaí den chineál chéanna sna tíortha eile ina bhfuil siad lonnaithe.”

An bhfuil sé cothrom baghcat a dhéanamh ar chomhlacht in Éirinn mar gheall ar na rudaí a dhéanann an comhlacht céanna i dtíortha eile?


💭 An dtig leat smaoineamh ar na fáthanna eile a ndéanfadh daoine comhlachtaí a bhaghcatáil sa lá atá inniu ann? (Cúrsaí timpeallachta, mar shampla – an dtig libh smaoineamh ar shamplaí eile?)


💭 An dtig leat smaoineamh ar bhealaí eile a bhféadfadh gnáthdhaoine tionchar a bheith acu ar chomhlachtaí móra agus ar rialtais nó tíortha láidre?


💭 Cad é a tharlódh, dar leat, dá nglacadh Parnell leis an mholadh a bhí ag an fhear sa slua, in áit baghcatáil a dhéanamh. An mbeadh toradh níos fearr nó níos measa ar an scéal? Mínigh do fhreagra.


Ceisteanna le freagairt

  1. Cérbh é Charles Stewart Parnell, agus cad a bhí sé ag iarraidh ar na daoine a dhéanamh?
  2. Cén gearán a bhí ag na hÉireannaigh faoi chuid mhaith de na tiarnaí talún Sasanacha nó Angla-Éireannacha sa 19ú haois?
  3. Cérbh é Charles Boycott?
  4. Cad é an difear idir an smaoineamh a bhí ag fear sa slua agus an smaoineamh a bhí ag Parnell?
  5. Cén fáth a bhfuil “baghcat” ar bun ag cuid mhór daoine in aghaidh Iosrael sa lá atá inniu ann, dar leis an téacs?
  6. Cé hiad na tíortha móra atá luaite sa téacs mar thíortha a bhíonn ag tacú le hIosrael?
  7. Cad é a dúirt na Náisiúin Aontaithe faoin mhéid atá idir lámha ag Iosrael in Gaza?

meas