Ag ‘bogadh’ tí

Déardaoin, an 18ú Meán Fómhair 2025


Mianach Kiruna in aice leis an bhaile

Abair go bhfuil mianach agat. De réir mar a thochlaíonn tú, bíonn tú ag dul níos cóngaraí agus níos cóngaraí do na foirgnimh ar imeall an bhaile. Cad é a dhéanfá sa chás sin? Bhuel, an chuid is mó de dhaoine, stopfadh siad de bheith ag tochailt agus rachadh siad an bealach eile. Má bhíonn tú ag tochailt in aice le foirgneamh, teach, mar shampla, tá baol ann go dtitfeadh an teach isteach sa pholl!

Teach pobail Kiruna mar a bhí.

Ach ní hé sin an rud a dhéanann na Sualannaigh. I mbaile Kiruna, nuair a bhí an mianach ag teacht cóngarach do theach an phobail, chinn siad ar an teach pobail a bhogadh! Chuir siad an teach pobail ar rotha agus bhog comhlacht an mhianaigh é. Leis an fhírinne a dhéanamh, tá an baile uilig le bogadh trí mhíle síos an bóthar le ligean don chomhlacht leanúint den mhianadóireacht. Síleann an comhlacht go mbeidh costas de bhilliún dollar ar an bhogadh!

Ar an bhóthar . . .

Cad chuige, mar sin, a bhfuil an comhlacht sásta an oiread sin a chaitheamh leis an bhaile a bhogadh? An mianach atá acu in Kiruna, is é an mianach faoi thalamh is mó a bhfaightear iarann as ar domhan. Is rud tábhachtach do mhuintir na Sualainne é, mar sin.

Tollán faoi thalamh Kiruna

Ach cad é mar is féidir teach pobail chomh mór seo a bhogadh? Sa chéad dul síos, ní raibh sé furasta! Tá an foirgneamh seo 35 méadar ar airde agus tá 662 tona meáchain ann. Tógadh é sa bhliain 1912 agus bhí obair ag na hinnealtóirí taca a thabhairt don taobh istigh sa dóigh go gcoinneodh sé le chéile é. Chomh maith leis sin, ní raibh na bóithre mór go leor don trucail ar ar chuir siad é agus b’éigean dóibh é a leathnú amach. Nuair a thosaigh na hoibrithe ar an obair seo cúpla seachtain ó shin, bhí slua mór amuigh ag amharc air, an rí Carl Gustaf ina measc!


Le plé:

Níl gach duine ag aontú leis an rud seo. In bhur ngrúpaí, smaoinígí ar chúiseanna nach smaoineamh maith é baile mór a bhogadh le spás a dhéanamh do mhianach.


Le déanamh:

Scríobh scéal bunaithe ar an tosach seo: ‘Bhí mé i mo sheasamh ag amharc ar an teach mór seo ag bogadh síos an bóthar…’


Pictiúir:

Teach pobail Kiruna: norr / Shutterstock

Teach pobail Kiruna roimh bhogadh: Rolf_52 / Shutterstock

Taobh istigh den teach pobail: Nowaczyk / Shutterstock

Mianach Kiruna: Abinieks / Shutterstock


meas