CEARTA!

Dé Céadaoin, an 17ú Meán Fómhair 2025


Beidh na sluaite ó gach cearn den tír ag tarraingt ar Bhaile Átha Cliath an Satharn beag seo. Beidh siad ag dul ann le mórshiúl agóide a bheith acu le tacaíocht a léiriú don Ghaeilge agus do Ghaeilgeoirí. Is é an téama a bheas leis an agóid seo ná CEARTA. Beidh gach duine ag caitheamh éadaí dearga lena thaispeáint go bhfuil siad DEARG LE FEARG nach ndearnadh mórán dul chun cinn ó bhí an agóid náisiúnta dheireanach ann, tá 10 mbliana ó shin.

Beidh busanna ag dul go Baile Átha Cliath ó gach cearn den tír

Is grúpa darb ainm Conradh na Gaeilge atá ag eagrú na hagóide, thar ceann phobal na Gaeilge agus na nGaeltachtaí.

Deir an Conradh go bhfuil an mórshiúl agóide á eagrú acu mar nár chloígh an dá rialtas sa tír leis na gealltanais a rinne siad ó bhí an agóid náisiúnta dheireanach ann agus mar go bhfuil géarchéim ann sna Gaeltachtaí ó thaobh na tithíochta de agus maidir leis na seirbhísí atá de dhíth ar mhuintir na Gaeltachta.

⭕ Ní chaitheann Rialtas an Deiscirt ach 0.1% (sin ⅒ de 1%) de bhuiséad an Stáit ar scéimeanna Gaeltachta agus Gaeilge. Sa Tuaisceart, caitheann siad i bhfad níos lú – 0.02% (sin ¹⁄₅₀ de 1%). Caitheann an Rialtas sa Bhreatain Bheag níos mó ar an Bhreatnais in aon bhliain amháin ná mar atá caite ag Feidhmeannas an Tuaiscirt ar an Ghaeilge le 10 mbliana anuas! 

Fágann na rialtais an Ghaeilge in áit na leathphingine


⭕ Tá grúpa darb ainm Foras na Gaeilge freagrach as an Ghaeilge a chur chun cinn agus as grúpaí Gaeilge a mhaoiniú ar an dá thaobh den teorainn. Ach, nuair a chuireann tú arduithe praghais san áireamh, faigheann an Foras 45% NÍOS LÚ airgid ón dá rialtas anois ná mar a fuair siad 20 bliain ó shin! Ciallaíonn sé sin go bhfuil na grúpaí uilig atá freagrach as cur chun cinn na teanga ag fáil níos lú airgid fosta!

Faigheann Foras na Gaeilge níos lú airgid anois ó na rialtais, cé go bhfuil i bhfad níos mó de dhíth!


⭕ Tá líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sna Gaeltachtaí ag titim mar go mbíonn ar dhaoine óga an Ghaeltacht a fhágáil le háit chónaithe a aimsiú. Níl go leor tithe ar fáil ina gceantar féin. Tá na mílte teach ar fáil ar shuíomhanna idirlín amhail AirBnB ach ní thiocfadh le daoine cónaí sna tithe seo go fadtréimhseach. As na tithe uilig sna Gaeltachtaí atá ar fáil ar cíos, in aghaidh gach 1000 teach atá ar fáil ar cíos gearrthréimhseach do thurasóirí, níl ach 10 dteach ar fáil ar cíos fadtréimhseach do theaghlaigh óga sa Ghaeltacht. 

Tá níos mó tithe de dhíth sna Gaeltachtaí do mhuintir na Gaeltachta!


⭕ Tá líon na ndaoine atá ag foghlaim Gaeilge, sa dá chuid den tír, ag titim. Caithfidh an dá rialtas níos mó a dhéanamh leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna scoileanna. 

⭕ Sa Tuaisceart, níl cearta cothroma go fóill ag Gaeilgeoirí agus bíonn roinnt páirtithe polaitiúla ag iarraidh stad a chur le cur chun cinn na Gaeilge sna comhairlí áitiúla agus in áiteanna eile. Níl siad sásta an Ghaeilge a bheith le feiceáil sa saol poiblí agus cuireann sé seo bac mór ar dhul chun cinn na teanga.


Tá an Ghaeilge go fóill gan chosaint i gcuid mhór áiteanna sa Tuaisceart!

Mar sin, is é an teachtaireacht láidir a bheas ag lucht an mhórsiúil i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn, don dá rialtas, ná go bhfuil sé thar am go mbeadh cearta cothroma ag Gaeilgeoirí agus ag an Ghaeilge, le go dtig linn an teanga s’againn a choinneáil beo beathach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.


Ar ndóigh, ní bheidh gach duine sa tír ábalta taisteal go Baile Átha Cliath Dé Sathairn. Tá a lá dearg féin á eagrú ag go leor scoileanna agus grúpaí eile Dé hAoine, lena bhfearg a chur in iúl! An mbeidh tusa dearg le fearg?



Le plé agus le déanamh

Más rud é go mbeidh ‘Lá Dearg’ de bhur gcuid féin á eagrú agaibhse, ba bhreá linn scéal a chluinstin faoi agus cúpla pictiúr a fheiceáil – thig libh scéal a chur chugainn ag nuacht@aisaonad.org.

🔴 Sa Bhreatain Bheag, ba mhaith leo ‘gach scoil a bheith ina scoil Bhreatnaise’ faoin bhliain 2050. Ar cheart dúinne, in Éirinn, ‘gach scoil a bheith ina Gaelscoil’ faoin bhliain chéanna? Mínigh do fhreagra.

🔴 An dtig leatsa smaoineamh ar bhealaí leis an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna Béarla?

🔴 Is ceantair thar a bheith álainn iad Gaeltachtaí na hÉireann agus tá sé nádúrtha go mbeadh daoine ag iarraidh dul ar saoire chucu. Ach an dtig libh smaoineamh ar phlean le go mbeadh go leor tithe cónaithe ann do mhuintir na hÉireann agus, san am céanna, go leor áiteanna a bhféadfadh cuairteoirí stopadh iontu?

🔴 Tá daoine agus grúpaí difriúla ann ar an dá thaobh den teorainn nach bhfuil ag iarraidh an teanga a chur chun cinn agus a shíleann gur cur amú airgid é airgead a chaitheamh ar an Ghaeilge. Cén teachtaireacht a bheadh agat do na daoine sin?


Ceisteanna le freagairt

  1. Cad é an téama a bheas ag an mhórshiúl a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath?

  2. Cén fáth a mbeidh lucht an mhórshiúil ag caitheamh éadaí dearga?

  3. Cén grúpa atá ag eagrú na hagóide seo?

  4. Cén fáth a mbeidh an agóid seo ag tarlú, dar le Conradh na Gaeilge? Luaigh dhá chúis.

  5. Cén méid de bhuiséad an Stáit a chaitheann Rialtas an Deiscirt ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht?

  6. Cad é a deir an t-alt faoin mhéid airgid a chaitheann Rialtas na Breataine Bige ar chur chun cinn na Breatnaise i gcomparáid leis an mhéid a chaitheann an Feidhmeannas ar an Ghaeilge sa Tuaisceart?

  7. Cad é a dhéanann Foras na Gaeilge?

  8. Cad é an fhadhb mhór atá ag daoine óga sna Gaeltachtaí maidir le tithe?

  9. Cén fáth a bhfuil an comhlacht Airbnb luaite san alt?

  10. Cén teachtaireacht láidir atá lucht an mhórshiúil ag iarraidh a thabhairt don 2 rialtas?


meas