Tumadóireacht

Dé Luain, an 15ú Meán Fómhair 2025


Ar smaoinigh tú riamh faoi cad é atá i bhfolach thíos faoi na tonnta? Tá a lán ainmhithe agus plandaí iontacha ina gcónaí san fharraige thart ar chósta na hÉireann! Chomh maith leis sin, tá carraigeacha móra agus beaga agus fiú longbhristeacha le feiceáil!

(longbhriseadh)


Tugtar tumadóireacht scúba ar an spórt a ligeann dúinn na rudaí seo a fheiceáil. Is spórt eachtrúil í an tumadóireacht. Caithfidh tú trealamh speisialta a chur ort – mar shampla, masc, feadán análaithe, agus buidéal aeir – le go mbeidh tú ábalta dul faoin uisce agus iniúchadh a dhéanamh ar shaol na mara.

(trealamh tumadóireachta)


Ligeann an feadán análaithe agus an buidéal aeir do na tumadóirí bheith ag análú faoin uisce, ar ndóigh. Coinníonn an ‘chulaith fhliuch’ te iad thíos faoin uisce chomh maith. Agus caitheann siad eití ar a gcosa le cuidiú leo snámh níos gasta.

(tumadóireacht faoin uisce)


Tá cósta na hÉireann ar cheann de na háiteanna is saibhre san Eoraip ó thaobh nádúir de. Seo roinnt ainmhithe agus plandaí a thiocfadh leat a fheiceáil ansin:


🐟 Ainmhithe Mara:

Rón – is mamach é an rón, cosúil linne. Ní bhíonn sé in ann análú faoin uisce.

Portán – ainmhí le crúba a shiúlann ar ghrinneall na farraige.

Gliomach - ainmhí eile le blaosc chrua (cosúil leis an phortán) agus crúba a shiúlann ar an ghrinneall. Bíonn siad níos mó ná na portáin.

Crosóg mhara – is féidir níos mó a fhoghlaim faoi na crosóga mara anseo 

Eascann mhara – cosúil le nathair, ach is iasc í!

Deilfin amanna feictear iad ag léim san fharraige thart ar an chósta!


🌿 Plandaí Mara:

Feamainn – plandaí glasa, donna nó dearga a fhásann ar charraigeacha. Bíonn cuid acu cosúil le féar fada faoin uisce. Cuireann siad bia agus foscadh ar fáil do go leor ainmhithe eile.

(rón agus feamainn)


Tá an fharraige mar bhaile ag na mílte speiceas. Cuidíonn na tumadóirí le heolaithe eolas a bhailiú faoi na hainmhithe agus na plandaí seo. Ar an dóigh sin, bíonn a fhios againn má tá sláinte na farraige ag feabhsú nó ag dul in olcas.

(Bíonn sliogáin le feiceáil ina luí ar ghrinneall na farraige fosta.)


An mbeadh suim agat féin sa tumadóireacht? Ní gá dul go domhain – fiú ag snámh le masc in uisce éadomhain is féidir leat an saol iontach faoin uisce a fheiceáil!


Ceisteanna

  1. Cén t-ainm a thugtar ar an spórt a ligeann dúinn na rudaí atá faoi na tonnta a fheiceáil?
  2. Ainmnigh trí phíosa trealaimh a chaithfidh tumadóirí a chur orthu le dul faoin uisce.
  3. Cén dá rud a ligeann do na tumadóirí bheith ag análú faoin uisce?
  4. Cad chuige a mbíonn na tumadóirí ag caitheamh ‘culaith fhliuch’?
  5. Cén t-ainmhí mara atá cosúil le nathair?
  6. Ainmnigh ainmhí amháin a bhfuil crúba air agus a shiúlann ar ghrinneall na farraige.
  7. Cad chuige a bhfuil an fheamainn tábhachtach do na hainmhithe san fharraige?
  8. Cad é a bhíonn na tumadóirí a dhéanamh chun cuidiú le heolaithe?
  9. Cad atá i gceist le ‘longbhristeacha’?
  10. Cén dóigh a bhfuil na rónta cosúil linne?


Gníomhaíochtaí

🎨 1. Cruthaigh Póstaer Mara

Déan póstaer le pictiúir de na hainmhithe agus plandaí mara a d’fhéadfá a fheiceáil in Éirinn. Úsáid dathanna geala agus cuir a n-ainm(neacha) Gaeilge orthu!


🧠 2. Cluiche “Cé Mise?”

Tabhair leideanna faoi ainmhí mara agus lig do pháistí buille faoi thuairim a thabhairt cé atá ann. Mar shampla:

“Tá crúba agam. Siúlaim ar an ghrinneall. Is minic a fheictear mé ag dul siar ar charraigeacha.”

Freagra: Portán!


✍️ 3. Scríobh Gearrscéal

Samhlaigh go bhfuil tú i do thumadóir. Cad é a fheiceann tú? Cé leis a mbuaileann tú?”

Scríobh scéal beag faoi d’eachtraí faoin uisce.


🔍 4. Taiscéalaíocht Sa Rang

Cruthaigh “grinneall na farraige” sa rang le feamainn (déanta as plaisteach nó páipéar), carraigeacha, agus bréagáin ainmhithe mara. Lig do na daltaí iniúchadh a dhéanamh air le masc nó gloiní méadaithe!


📚 5. Foclóir Mara

Cruthaigh liosta focal nua a bhaineann leis an fharraige agus cuir pictiúir nó samplaí in aice leo. Mar shampla:

Feamainn 🌿

Portán 🦀

Tumadóir 🤿


🎥 6. Mionscannán agus ceisteanna

Breathnaigh ar an fhíseán seo thíos de thumadóirí ag tumadóireacht ar chósta Árainn Mhóir. An féidir leat freagraí na gceisteanna thíos a fháil amach ón scannán beag? Cuir do chuid freagraí i gcomparáid le cara. An bhfuair sibh iad uilig? Nó, an bhfuair sibh na freagraí ceanna?


Ceisteanna faoin mhionscannán tumadóireachta:

1. Cá mhéad uair a bhíonn tumadóirí le feiceáil san fhíseán?

2. Cá mhéad de na hainmhithe seo atá le feiceáil san fhíseán? 

  • iasc?
  • portán?
  • gliomach?
  • smugairle róin?

3. Cá mhéad cos atá ar an chrosóg mhara?


meas