Lá Roald Dahl 2025

Dé hAoine, an 12ú Meán Fómhair 2025


Cuid de leabhair Beatrix Potter

Cé hé an scríbhneoir is fearr do pháistí? Tá Dr Seuss ann, ar ndóigh, agus Beatrix Potter. Sa Ghaeilge, tá Máire Zepf agus Patricia Forde againn. Ach má chuirtear an cheist ar fud an domhain, seans maith go luafadh a lán daoine Roald Dahl mar an scríbhneoir is fearr.

Máire Zepf

Rugadh Roald Dahl sa Bhreatain Bheag sa bhliain 1916 agus bíonn Lá Roald Dahl ann gach bliain lena lá breithe a cheiliúradh – an 13ú Meán Fómhair. Is seans é do dhaoine ómós a thabhairt do na scéalta a scríobh sé trí chomóradh a dhéanamh orthu.

Baineann páistí i ngach áit sult as na leabhair mhóra spraíúla a chum sé: Charlie and the Chocolate Factory, Matilda, The BFG agus James and the Giant Peach. Tá na scéalta seo lán d’eachtraí agus de charachtair spéisiúla. Is minic a bhíonn na páistí cliste agus cróga, agus bíonn na daoine fásta giota beag amaideach nó olc! Tá leagan Gaeilge de chuid de na scéalta ann chomh maith – Charlie agus Monarcha na Seacláide, Danny Seaimpín an Domhain, Na Cailleacha agus Na Gamail.

Is breá le páistí Lá Roald Dahl mar is deis é gléasadh mar na carachtair is fearr leo. Bíonn Charlie ann lena thicéad órga, Matilda lena cuid leabhar, nó fiú an Fathach Mór leis na cluasa móra! I scoileanna, bíonn léitheoireacht, cluichí agus ceardlanna ann leis na scéalta a cheiliúradh.

An rud is mó atá le foghlaim ó Roald Dahl ná gur féidir le leabhair draíocht a chruthú. Nuair a osclaímid leabhar, is féidir linn dul ar thuras chuig domhan nua – is cuma más monarcha seacláide atá ann nó seomra rúnda le Matilda nó fiú i measc ollphéisteanna móra.

Mar sin, ar Lá Roald Dahl, tóg bomaite le leabhar dá chuid a léamh. B’fhéidir go mbeidh tú ag gáire, ag smaoineamh nó fiú ag brionglóideach faoi do scéal féin a chumadh. Sin an draíocht is mó a bhaineann leis an léitheoireacht!


Le déanamh:

Nuair a deir muid ‘an scríbhneoir is fearr’ ciallaíonn muid, ‘an scríbhneoir is fearr leis an mhéid is mó daoine’. Is rogha phearsanta é, ar ndóigh. Déan liosta de na scríbhneoirí is fearr leatsa. Cuir é i gcomparáid leis an duine in aice leat. Déan iarracht teacht ar rogha amháin idir an bheirt agaibh don ‘scríbhneoir is fearr’.


Samhlaigh gur scríobh tú leabhar nua cosúil le Roald Dahl. Cruthaigh do charachtar féin. Tabhair ainm aisteach dó nó di. Cén chuma a bheidh ar an charachtar seo? An bhfuil tréith nó cumhacht speisialta aige nó aici? Cuir do chuid smaointe ar pháipéar. Is féidir leat pictiúir a chruthú don scéal chomh maith.


Tabhair cuairt ar leabhair a scríobh páistí eile ar shuíomh Scríobh Leabhar.


An síleann tú go bhfuil tú eolach ar Roald Dahl. Bain triail as an quiz seo.


Pictiúir:

Leabhair Beatrix Potter: marhus / Shutterstock.com

Matilda: Doodeez / Shutterstock.com

Wonka: Sarunyu L / Shutterstock.com

Carn leabhar: Ellianne / Shutterstock.com


meas