Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Táimid i lár an Fhómhair anois, mar is eol dúinn ó ainm na míosa seo, agus is dócha gur thug sibh faoi deara go bhfuil an aimsir ag athrú. Tá na laethanta ag éirí níos giorra agus tá an aimsir ag éirí níos fuaire agus níos fliche. Cár imigh na laethanta fada grianmhara a bhí againn sa samhradh?!
Ar ndóigh, tá áilleacht ag baint leis an am seo bliana chomh maith. Bíonn na duilleoga ag athrú datha agus ag titim de na crainn.
Ní fada uainn séasúr na stoirmeacha, ach oiread. (Léigh níos mó faoi stoirmeacha san alt seo.) Le fírinne, ba cheart dom TRÍ shéasúr na stoirmeacha a rá, mar is féidir stoirm a bheith againn in Éirinn san Fhómhar, sa Gheimhreadh agus san Earrach!
(stoirm gheimhridh)
Tá cuid mhór d’Arizona clúdaithe ag fásach. Bíonn an aimsir te agus tirim ann den chuid is mó den bhliain.
(Arizona)
Faoi láthair, áfach, tá séasúr an Mhonsúin ag tarlú in Arizona. Is ionann “monsún” agus aimsir a bhíonn iontach fliuch. Ag an am seo bliana, bíonn stoirmeacha acu in Arizona chomh maith. Ach, ní bhíonn na stoirmeacha ansin cosúil leis na cinn a bhíonn againne in Éirinn.
(éifeacht stoirme in Éirinn)
Sa tír seo, bímid buartha faoi na crainn ag titim, nó tuilte ag tarlú ar imeall lochanna agus aibhneacha. In Arizona, áfach, níl a lán crann ná lochanna ná aibhneacha acu. ACH, tá a lán dusta san fhásach. Mar sin de, bíonn cuid mhór dusta caite thart sna stoirmeacha a bhíonn acu ansin.
(habúb, nó stoirm ollmhór dusta)
Tugtar “habúb” ar na stoirmeacha is mó. Is focal ón Araibis é habūb (هَبُوب) agus tháinig sé ón Afraic Thuaidh. “Gaoth láidir” an chiall atá leis. Tharla habúb ollmhór ag deireadh mhí Lúnasa a réab tríd chathair Phoenix, an chathair is mó in Arizona. Chruthaigh sé scamall dusta a chuaigh na mílte méadar in airde sa spéir. Ní raibh eitleáin ábalta imeacht as nó teacht isteach sa cheantar ar chor ar bith le linn na stoirme. Bíonn contúirt mhór ar na bóithre le linn habúib fosta. Ar an dea-uair, ní mhaireann stoirm ar bith go deo. (Ach samhlaigh an méid dusta a bheadh le glanadh ina dhiaidh! 😅)
Ceisteanna
Le déanamh
🌩️ Tarraing dhá phóstaer le stoirm in Éirinn agus habúb in Arizona a léiriú. Cuir lipéid ar do phóstaeir.
🌩️ Mar ghrúpa ag do thábla, bailigh liosta de na focail ar fad atá ar eolas agaibh a bhaineann leis an aimsir. Scríobh i do leabhar iad agus léirigh iad le pictiúr. Anois, scríobh alt gairid faoin aimsir i do cheantar le seachtain anuas.
🌩️ Cum ceisteanna ba mhaith leat a fhiosrú faoi “habúb”, dá mbuailfeá le duine as Arizona. Ansin, déan giota taighde ar líne faoi stiúir do mhúinteora. An féidir libh na ceisteanna a fhreagairt?
🌩️ Déan plé ranga: an bhfuil an Fómhar in Éirinn níos fearr nó níos measa ná séasúr an Mhonsúin in Arizona? An féidir libh teacht aníos le liosta de bhuntáistí agus míbhuntáistí sa dá áit?
🌩️ Cuir i gcéill gur tusa an cailín / fear aimsire ag déanamh réamhaisnéis na haimsire ar an teilifís. Tabhair tuairisc aimsire do do rang / do ghrúpa. (Is féidir breathnú ar na hacmhainní seo ó TG4 roimh ré le cuidiú libh: téarmaí aimsire agus réamhaisnéisí)