Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Uachtarán na hÉireann — Áras an Uachtaráin
TEIDEAL POIST: Uachtarán na hÉireann
ÁIT: Áras an Uachtaráin, Baile Átha Cliath
TUARASTAL: €332,000 sa bhliain
Beidh tú mar cheann stáit d’Éirinn ach NÍ BHEIDH tú i mbun an Rialtais. Déanfaidh tú ionadaíocht d’Éirinn ag imeachtaí i dtíortha eile agus nuair a thagann ceannairí tíortha eile ar cuairt chugainn.
Beidh ort gach dlí a dhéanann an Rialtas a shíniú. Beidh tú i gceannas ar an Arm.
Beidh tú i do chónaí i dteach beag deas 92-seomra i lár Bhaile Átha Cliath!
Gach seans gur chuala tú caint faoin toghchán a bheas ag tarlú ar an 24 Deireadh Fómhair, 2025, le hUachtarán nua a roghnú d’Éirinn. Beidh orainn Uachtarán nua a roghnú mar caithfidh* an tUachtarán reatha, Micheál D. Ó hUiginn, éirí as.
Rachaidh daoine sa Deisceart chuig na botháin vótála ar an 24ú Deireadh Fómhair
*Níl an dara rogha aige, níl cead agat níos mó ná dhá sheal a bheith agat mar Uachtarán. Maireann gach seal 7 mbliana. Toghadh Micheál D. ina Uachtarán an chéad lá in 2011.
Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ag éirí as oifig, i ndiaidh dó 14 bliana a chaitheamh mar Uachtarán na hÉireann
Is é Micheál D. Ó hUiginn an 9ú hUachtarán. Mar sin, ar an 24ú Deireadh Fómhair, beidh na daoine ag vótáil leis an 10ú hUachtarán na hÉireann a roghnú. Go dtí seo, níl ach triúr daoine a bheas sa rás go cinnte – Catherine Connolly as Gaillimh, Heather Humphries as Contae Mhuineacháin agus iar-bhainisteoir peile Átha Cliath, Jim Gavin.
Dubhghlas de hÍde – an chéad ‘Uachtarán na hÉireann’. Ba Phrotastúnach é a bhain clú amach dó féin as an dea-obair a rinne sé ar son na Gaeilge.
As an triúr seo, tá Gaeilge an-mhaith ag Catherine Connolly agus labhraíonn sí Gaeilge go mion minic sa Dáil, ar an raidió agus ar an teilifís. Is cosúil nach bhfuil mórán Gaeilge ag an bheirt eile.
Heather Humphries
Jim Gavin
Catherine Connolly
Tá ról an Uachtaráin oscailte do gach saoránach de chuid na hÉireann, thuaidh agus theas, fad is go bhfuil an duine os cionn 35 bliain d’aois. Is cnámh spairne é áfach nach bhfuil cead ag daoine i dtuaisceart na tíre vóta a chaitheamh leis an Uachtarán a roghnú. Tá go leor daoine ann a shíleann gur cheart go mbeadh seans ag gach duine sa tír vóta a chaitheamh lena Uachtarán féin a roghnú.
Máire Mhic Giolla Íosa, an 8ú hUachtarán, as Béal Feirste. Bhí sí ábalta bheith ina hUachtarán ach níl cead aici vótáil don Uachtarán!
Cé gurb é an tUachtarán ‘ceann stáit’ na hÉireann, níl mórán cumhachtaí aige, i gcomparáid le hUachtarán na Fraince, nó le hUachtarán SAM, mar shampla. Tá sé i gceannas ar an Arm, agus ní thig leis an rialtas dlí nua a dhéanamh mura síníonn an tUachtarán é, ach le fírinne, caithfidh an tUachtarán comhairle an rialtais a leanúint.
Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin
Ar go leor bealaí, tá Uachtarán na hÉireann cosúil leis an rí nó an bhanríon i Sasana. Thig leis labhairt amach faoi rudaí a shíleann sé atá tábhachtach, ach ní thig leis polasaí an rialtais a athrú. An ról is tábhachtaí atá aige ná a bheith mar ionadaí d’Éirinn agus é ar cuairt i dtíortha eile nó nuair a thagann ceannairí eile go hÉirinn.
Faigheann tú Áras an Uachtaráin ach ní fhaigheann tú Misneach – beidh madadh Mhicheáil D. ag dul leis nuair a fhágfaidh sé an tÁras
Ceisteanna le freagairt
Le plé
🇮🇪 Tá cead agat vóta a chaitheamh don Uachtarán má tá tú 18, ach níl cead agat seasamh don Uachtaránacht. An síleann tú go bhfuil sé seo cothrom? Mínigh do fhreagra.
🇮🇪 An síleann tú gur cheart go mbeadh cead ag gach duine sa tír, thuaidh agus theas, vóta a chaitheamh don Uachtarán? Mínigh do fhreagra.
🇮🇪 Ar cheart go mbeadh Gaeilge ag Uachtarán na hÉireann? Mínigh do fhreagra.
🇮🇪 Ar mhaith leatsa bheith i d’Uachtarán? Cén fáth?