Féasóga

An 8ú Meán Fómhair, 2025


An dtuigeann tú an focal féasóg? Seans nár chuala tú roimhe é, mar ní chomh minic sin sa lá inniu a chaitheann na fir féasóga. Is féasóg í an ghruaig a bhíonn ag fás ar aghaidh fir, go háirithe thart faoin smig.

(Tá a lán cineálacha difriúla féasóg ann.)


Fadó, fadó bhí sé coitianta go mbeadh féasóga ar na fir. Bhí na fir Lochlannacha iontach bródúil as a gcuid féasóg. Shíl siad gur léirigh an fhéasóg neart. Ba ghnách leo trilseáin a chur ina gcuid féasóg fosta!

(Baineadh feidhm as Google Gemini leis an phictiúr seo a chruthú.)


I gcultúir eile fadó, shíl daoine gur thaispeáin an fhéasóg gur fear léannta a bhí ann.

(Baineadh feidhm as Google Gemini leis an phictiúr seo a chruthú.)


Ach sa lá atá inniu ann, ní chaitheann na fir féasóga chomh minic sin. In amanna, cuireann an fhéasóg isteach ar fhear agus é ag ithe.


Cosúil le gruaig na mban, is féidir le féasóg éirí salach go furasta, mura dtugann an fear aire mhaith di.


Amuigh is istigh ar dhá chéad bliain ó shin, bhí sé de nós ag na sorcais nuaigíní, nó rudaí nua nach raibh feicthe roimhe ag a lán daoine, a thaispeáint. In amanna, bheadh bean fhéasógach mar cheann de na nuaigíní sin! 

(An raibh an fhéasóg sin fíor, dar leat?)


Ar ndóigh, murar mhaith le fear bheith ró-ghruagach, thig leis go fóill rud beag gruaige a fhás os cionn a bheola - croiméal a thugtar air sin.



Tá a lán cineálacha féasóg agus croiméal ann, mar a bhíonn le feiceáil sa chluiche “Cé atá ann?” 

(Cluiche "Cé atá ann?" - pic le Milos Ruzicka/Shutterstock.com)


Nuair a bhíonn an ghruaig ar cheann nó aghaidh duine míshlachtmhar, deir muid go bhfuil a c(h)uid gruaige giobach. Mar shampla, tá malaí giobacha ar an charachtar seo: 

(Baineadh feidhm as Google Gemini leis an phictiúr seo a chruthú.)


Agus mura mbíonn gruaig ar bith ar dhuine, deir muid go bhfuil an duine sin maol.

(Tá an fear seo maol agus féasógach fosta.)


Tá go leor focal a chuireann síos ar ghruaig daoine - gruagach, maol, malaí, croiméal, féasóg, giobach, fada, gairid, catach, díreach. Anois, cad é mar a chuirfeá síos ar d’aghaidh féin? Agus an féidir leat cur síos ar aghaidheanna na ndaoine i do rang nó i do theaghlach?


Ceisteanna

  1. Cén chuid den aghaidh ar a mbíonn féasóg ag fás?
  2. Cad é a shíl na Lochlannaigh faoi na féasóga?
  3. Cad é a shíl daoine i gcultúir eile fadó faoi na féasóga?
  4. Cad chuige, do bharúil, nach mbíonn na féasóga chomh coitianta sin anois agus a bhíodh fadó?
  5. Cad is croiméal ann?
  6. Cad é mar a chuireann tú síos ar dhuine gan ghruaig ar bith ar a cheann?
  7. Cad is brí leis an fhocal giobach?
  8. Ainmnigh rud amháin a bhí mar nuaigín sa sorcas fadó?


Gníomhaíochtaí

🧔 Tarraing carachtar ó do shamhlaíocht. Cuir lipéid ar na codanna den aghaidh air, ag úsáid na bhfocal ón alt (féasóg, croiméal, maol, malaí, beola, srl.) Anois scríobh cur síos gairid ar an chuma atá ar do charachtar.


🧔 Déan díospóireacht ranga ar an rún seo: Ba cheart fáil réidh leis na féasóga!


🧔 I ngrúpaí, tarraing 20 aghaidh éagsúil ar chártaí (de láimh nó ar ríomhaire). An dtig libh cur síos a dhéanamh ar gach aghaidh? Anois, déan dhá chóip den tacar agus úsáid iad leis an chluiche “Cé atá ann?” a imirt.


🧔 Déan taighde gairid ar dhuine cáiliúil (stairiúil nó nua-aimseartha) a bhfuil / a raibh féasóg air. Scríobh síos dhá nó trí fhíric faoin duine sin agus déan cur síos ar an chuma atá / a bhí air.


meas