Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An raibh a fhios agat go mbíonn ainm ar gach stoirm a bhuaileann an chuid seo den domhan? Nó le bheith níos cruinne, tá liosta ag an lucht aimsire do na stoirmeacha, má thagann siad sa tréimhse 1ú Meán Fómhair 2025 go dtí 31ú Lúnasa 2026. Is iad na seirbhísí aimsire in Éirinn, sa Bhreatain agus san Ísiltír a chuir an liosta le chéile i mbliana. Níl ach 21 ainm ar an liosta seo nó ní úsáidtear Q, U, X, Y nó Z.
Agus tá roinnt ainmneacha Gaelacha ar an liosta arís an iarraidh seo. ‘Fionnuala’, ‘Oscar’ agus ‘Tadhg’ na hainmneacha sin ach roghnaigh Met Éireann cúpla ceann eile chomh maith. Tá ‘Bram’ ann in ómós do Bram Stoker, an tÉireannach a scríobh scéal Dracula agus tá ‘Patrick’ ann in ómós do Naomh Pádraig. Bhí seans ag daoine a rogha ainm a chur isteach le hainm a roghnú agus fuair Met Éireann 10,000 iarratas.
Naomh Pádraig
Is iad na hainmneacha eile atá ar an liosta ná: Amy, Chandra, Dave, Eddie, Gerard, Hannah, Isla, Janna, Kasia, Lilith, Marty, Nico, Ruby, Stevie, Violet agus Wubbo. Tá cúis ghreannmhar ag cuid de na hainmneacha seo. Mar shampla, bhí aithne ag duine ar ‘Dave’, fear a raibh srannfaí an-ard aige a mhúsclódh na mairbh.
Ag srannfach
Ach cad chuige a dtugann an lucht aimsire ainm ar gach stoirm? Ní hé go mbíonn siad ag iarraidh bheith greannmhar nó tá cúis dháiríre leis. Déanann stoirmeacha a lán damáiste agus, in amanna, faigheann daoine bás. Má bhíonn ainm ar stoirm, is mó an seans go dtabharfaidh daoine aird uirthi agus go n-éistfidh siad le cibé rabhadh a thugann na húdaráis.
Crainn a thit le linn stoirme
Bíonn cineálacha difriúla stoirmeacha ann. Cuid acu, cosúil le Stoirm Éowyn i mí Eanáir, bíonn gaoth mhór leo, cuid eile, bíonn a lán fearthainne leo. Cuid eile, bíonn siad contúirteach cois farraige, cuid eile arís, bíonn sé contúirteach bheith ag tiomáint iontu. Mar sin, thig leis na húdaráis pearsantacht a thabhairt dóibh chomh maith. De ghnáth, ní bhíonn ach 8-10 stoirm ann gach bliain, mar sin is beag an seans go bhfeicfidh muid Stoirm Wubbo!
Tuile a lean stoirm
Gníomhaíochtaí:
Cluiche Aimsire – Buail an Stoirm!
• Roinn na páistí i ngrúpaí.
• Tabhair ainm stoirme dóibh (m.sh. Amy, Tadhg, Fionnuala).
• Caithfidh gach grúpa cur síos gairid a chumadh ar an stoirm sin – cén cineál stoirme í (gaoth, báisteach, stoirm cois farraige srl), cén áit a mbuaileann sí, srl.
• Léitear na scéalta os ard lena fheiceáil cé acu an stoirm is scanrúla nó is greannmhaire!
Liosta Ainmneacha Nua
• Plé sa rang: cén fáth nach n-úsáidtear na litreacha Q, U, X, Y nó Z?
• Iarr ar gach dalta ainm nua a mholadh don liosta stoirmeacha don bhliain seo chugainn.
• Déantar vóta sa rang lena fháil amach cad iad na hainmneacha is fearr leis an rang.
Rólghlacadh – Tuairisceoir Aimsire
Cuir na daltaí ina mbeirteanna, mar atá, tuairisceoir teilifíse agus duine faoi agallamh. Cuireann an tuairisceoir ceisteanna ar an duine faoi agallamh faoi cén cineál stoirme atá ann agus cén sórt damáiste a rinne sí.