Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá an chéad seachtain ar ais ar scoil chóir a bheith thart. Is dócha go bhfuil sibh go fóill ag socrú isteach sa rang nua agus ag fáil eolais ar na cineálacha rudaí a mbeidh sibh ag foghlaim fúthu sa scoilbhliain nua seo. An mbeidh aon rud úrnua, nó iontach ann?
Dar libh an ndéanfaidh sibh tionscadal mór nó an gcuirfidh sibh isteach ar chomórtas?
B’fhéidir go mbeidh tionscadal speisialta idir lámha agaibh – ag foghlaim faoi stair an cheantair áitiúil nó faoi mhiotaseolaíocht na hÉireann. B’fhéidir go mbeidh sibh ag cur isteach ar chomórtas mór nó ag foghlaim scileanna i spórt nua. Bíonn go leor rudaí suimiúla idir chamáin againn i scoileanna na hÉireann – go háirithe sna Gaelscoileanna. Ach an raibh sibh riamh fiosrach faoi na cineálacha rudaí a bhíonn ar bun ag páistí scoile i dtíortha eile?
Seo thíos spléachadh ar chuid de na rudaí is suimiúla a léim amach dúinne…
An Bhútáin
Sa Bhútáin, bíonn ceachtanna ‘sástachta’ nó sonais ag na páistí. Foghlaimíonn siad faoin chineáltas, faoin aireachas agus faoin chothromaíocht sa saol. Sa Bhútáin, tá polasaí rialtais ann a deir go bhfuil sástacht na ndaoine níos tábhachtaí ná fás eacnamaíoch na tíre!
Is fearr cairde ná ór sa Bhútáin!
An tSeapáin
Sa tSeapáin, tá cleachtas acu darb ainm ‘Ōsōji’. Seo nuair a ghlanann na páistí féin an scoil. Glanann siad seomraí, hallaí, dorchlaí agus go fiú na leithris. Cuidíonn sé le páistí féinsmacht, freagracht agus meas ar spásanna comhroinnte a fhorbairt agus cuireann sé le mothú ‘pobail’ agus ‘úinéireachta’. Is le gach duine an scoil agus tugann siad uilig aire di!
Glantóireacht sa seomra ranga
An Chóiré Theas
Déanann páistí tae kwon do mar chuid den chorpoideachas. Cuidíonn sé le páistí fanacht aclaí agus féinsmacht, meas agus athléimneacht a fhoghlaim.
Ar mhaith leatsa taecuando a dhéanamh don chorpoideachas?
An Ghraonlainn
Foghlaimíonn páistí scileanna a chuideoidh leo teacht slán dá mbeadh siad caillte amuigh san Artach. Tógann siad foscadáin sneachta, foghlaimíonn siad an dóigh le poill a dhéanamh san oighear le gur féidir leo iascaireacht a dhéanamh.
Foscadán sneachta
Iascaireacht oighir
An Nua-Shéalainn
Foghlaimíonn páistí an Haka – damhsa traidisiúnta na Maorach, rud a chuidíonn leo eolas a chur ar chultúr na Maorach, agus meas a léiriú air. Bhí na Maoraigh ina gcónaí sa Nua-Shéalainn, nó Aotearoa, i bhfad sular tháinig daoine ón Eoraip.
Imreoirí rugbaí na Nua-Shéalainne ag gabháil don haka
An Fhionlainn
Bíonn ceachtanna amuigh faoin aer iontach coitianta – go fiú sa sneachta. Téann páistí taobh amuigh le gach sórt a fhoghlaim, mata, eolaíocht, Fionlainnis nó go fiú an tOideachas Cultúrtha, ábhar ina bhfoghlaimíonn páistí faoi bhéaloideas na Fionlainne. In amanna, foghlaimíonn siad faoi na síofraí agus na daoine beaga atá iontach tábhachtach i mbéaloideas na Fionlainne. Tá a lán cosúlachtaí idir béaloideas na Fionlainne agus béaloideas na hÉireann.
Seomra ranga faoin aer
Síofraí – tá áit lárnach acu i seanscéalta na Fionlainne
Ceisteanna
1. Cén sórt ranganna a bhíonn ag páistí sa Bhútáin agus cén fáth?
2. Cén fáth a nglanann páistí a scoileanna féin sa tSeapáin?
3. Cén ealaín chomhraic a dhéanann páistí na Cóiré Theas ar scoil agus cén fáth?
4. Cén cineál scileanna praiticiúla a fhoghlaimíonn páistí sa Ghraonlainn?
5. Cén damhsa traidisiúnta a dhéanann páistí sa Nua-Shéalainn, agus cé leis a mbaineann an damhsa seo?
6. Cén tír ina mbeadh páistí amuigh faoin aer sa sneachta agus iad ag foghlaim faoi dhaoine beaga?
Le plé agus le déanamh
💡 na gníomhaíochtaí seo ó thíortha eile, cé acu is mó a mbeadh suim agat féin ann agus cén fáth?
💡 An síleann tú go mbeadh sé maith dá mbeadh ar pháistí in Éirinn a gcuid scoileanna féin a ghlanadh, mar a dhéanann páistí sa tSeapáin?
💡 Samhlaigh gur tú an múinteoir – cén rud speisialta a thabharfá féin isteach sa churaclam do na páistí i do rangsa an scoilbhliain seo?
Amharc ar na focail a bhfuil cló trom orthu i bparagraf 2. Ciallaíonn siad uilig a bheag nó a mhór an rud céanna, go bhfuil rud á dhéanamh. An dtig libh iad a úsáid i dtrí abairt de bhur gcuid féin?