Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá seanfhocal againne faoin scoil – ‘Is aoibhinn beatha an scoláire’. Bhur mbarúil an mbaineann sé sin le tú a bheith i do scoláire in Éirinn amháin? An bhfuil saol scoile níos fearr againne ná mar atá ag páistí in áiteanna eile?
Bhuel, déanaimis roinnt comparáidí…
Aois Tosaithe Scoile
Éire
I dtuaisceart na hÉireann, tá ceann de na haoiseanna tosaithe scoile is óige ar domhan ann. CAITHFIDH tú bheith cláraithe ar bhunscoil agus tú 4 (nó 5) bliana d’aois. Sa deisceart, ní chaithfidh tú an scoil a thosú go dtí 6 bliana d’aois (ach tá cead agat freastal ar naíonra nó naíscoil roimhe sin sa dá áit, ar ndóigh).
Ag brath ar do bhreithlá, seans go mbeifeá ag dul isteach sa bhunscoil agus tú 4 bliana 2 mhí d’aois, má chónaíonn tú sa Tuaisceart
Áiteanna eile
6 bliana d’aois an ghnáth-aois tosaithe ar an bhunscoil sa chuid is mó den Eoraip. Ní chaithfidh tú dul ar scoil san Fhionlainn go dtí go mbíonn tú 7 mbliana d’aois.
Tá roinnt tíortha ann – an Fhrainc, mar shampla, ina gcaithfidh tú freastal ar naíscoil. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh tú dul ar scoil agus tú 3 bliana d’aois.
Tá an naíscoil roghnach sa tSín ach tá áiteanna amuigh faoin tuath sa tSín a bhfuil naíscoileanna cónaithe ann. Ciallaíonn sé sin go gcónaíonn páistí 3 bliana d’aois ar scoil, ar shiúl óna dtuismitheoirí, ó Luan go hAoine! An aoibhinn beatha na scoláirí sin?
Ar mhaith leat dul chuig scoil chónaithe agus tú 3 bliana d’aois? (Ní tharlaíonn sé ach i roinnt áiteanna faoin tuath sa tSín)
Fad ama ar scoil
Éire
Caithimidne thart ar 6 uair an chloig ar scoil gach lá, ó 9am go 3pm, de ghnáth. Agus déanann páistí thart ar 180 lá sa bhliain (180 sa deisceart*, 185 sa tuaisceart).
*Más scoláire meánscoile thú i ndeisceart na tíre, ní chaithfidh tú ach 167 lá a dhéanamh – faigheann siad 3 mhí saor sa samhradh!
Aoibhinn beatha an scoláire? Tá saol an mhadaidh bháin ag daltaí meánscoile sa Deisceart, faigheann siad 3 mhí saor sa samhradh!
Áiteanna eile
San Fhionlainn, caitheann páistí idir 4½ agus 5 uair an chloig ar scoil gach lá. Sa Bhrasaíl, ní dhéanann siad ach ceithre uair an chloig – ar maidin, in amanna, agus amanna eile tráthnóna. Sin ráite, áfach, bíonn orthu 200 lá sa bhliain a chaitheamh ar scoil.
I gcuid mhaith scoileanna sa Fhrainc, bíonn lá saor ann nó leath lae Dé Céadaoin.
Dé Sathairn, an 6ú Meán Fómhair – agus tusa go fóill i do luí, beidh páistí na hIodáile ar scoil ar 8 a chlog!
San Iodáil, críochnaíonn an scoil ar 1 a chlog gach lá! An t-aon fhadhb ná go dtosaíonn an scoil ar a 8 agus bíonn orthu dul ar scoil Dé Sathairn fosta!
Ar an taobh eile den scála – maireann an lá scoile sa Téalainn thart ar 9.5 uair an chloig! Sin níos mó ama ná an gnáthlá oibre do dhaoine fásta anseo in Éirinn!
Ar mhaith leat 9½ uair an chloig a chaitheamh ar scoil gach lá?
Mar fhocal scoir…
Cé go bhfuil na córais scoile difriúil ó thír go tír, tá fírinne leis an seanfhocal s’againne achan áit. Is áit speisialta í an scoil, áit a mbuailimid le cairde agus a bhfoghlaimímid scileanna atá iontach tábhachtach don saol. Ba cheart dúinn na deiseanna uilig a fhaighimid ar scoil a thapú.
Tá go leor páistí ar domhan nach dtig leo freastal ar scoil faoi láthair – na páistí in Gaza, mar shampla, áit atá faoi ionsaí ag Iosrael, nó na páistí sa tSúdáin nó i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó, dhá áit ina bhfuil cogadh uafásach ar siúl.
Páistí in Gaza ag bailiú uisce – tá an chuid is mó de na scoileanna scriosta ag Iosrael
Is ceart bunúsach é an t-oideachas agus ba cheart go bhfaigheadh gach páiste ar domhan blaiseadh ar ‘bheatha aoibhinn an scoláire’.
Ceisteanna le freagairt
1. Cad é an seanfhocal atá luaite ag tús an ailt agus cad é a chiallaíonn sé?
2. Cén aois a gcaithfidh páistí tosú ar an bhunscoil i dtuaisceart na hÉireann?
3. Cén aois a gcaithfidh páistí tosú ar an bhunscoil sa Deisceart?
4. Cad é an difear mór idir Éire agus an Fhrainc maidir leis an naíscoil?
5. Cén tír ina bhfuil naíscoileanna cónaithe ann do pháistí 3 bliana d’aois?
6. Cá mhéad uair an chloig a mhaireann an lá scoile sa Téalainn?
7. Cén tír ina mbíonn leath lae nó lá saor ag páistí ar an Chéadaoin?
8. Luaigh dhá áit atá luaite sa pharagraf deiridh nach dtig le páistí dul ar scoil iontu faoi láthair.
Le plé
📚 Arbh fhearr leat freastal ar mheánscoil i dtuaisceart nó i ndeisceart na tíre? Cén fáth?
📚 Tá an naíscoil nó an naíonra roghnach in Éirinn. Ar cheart dúinn an naíscolaíocht a dhéanamh éigeantach? Cén fáth?
📚 An síleann tú go bhfuil sé ró-óg dul ar scoil agus tú trí bliana d’aois? Cén aois a bheadh ‘ceart’, i do bharúil?
📚 An mbeadh fonn ort dul ar scoil Dé Sathairn, mar a dhéanann páistí san Iodáil, dá mbeadh lá níos giorra agat i rith na seachtaine?
📚 Samhlaigh post a bheith agat mar Aire Oideachais. Tá cead agat an córas oideachais anseo a athrú. Cén sórt córais a bheadh againn?
📚 Deir na Náisiúin Aontaithe gur ‘ceart daonna’ é an t-oideachas. Cén fáth, i do bharúil, ar ceart go mbeadh achan uile pháiste ábalta freastal ar scoil?