Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Fáilte ar ais! Tá lúcháir orainn a bheith ar ais in bhur gcuideachta don scoilbhliain 2025/2026!
Beidh an chéad alt nuachta againn daoibh Dé Céadaoin, le go mbeidh rud beag ama agaibh le socrú isteach sa rang úr. Ach, idir an dá linn – thig libh an focalchuardach thíos a dhéanamh. Léigh an leid agus aimsigh an focal! Ádh mór oraibh!
1. an duine a mhíníonn rudaí don rang
2. rud a suímid os a chomhair sa seomra ranga
3. áit a ndéanaimid súgradh taobh amuigh
4. rud a úsáidimid lenár gcuid leabhar a iompar ar scoil
5. an séasúr atá ann anois
6. na daoine a mbímid ag súgradh leo sa chlós
7. an rud a dhéanann tú le leabhar
8. rud ar féidir scríobh leis
9. rud ba cheart duit a ithe roimh theacht ar scoil
10. An teanga is ansa linn uilig!