Meascán le meabhrú

Dé hAoine, an 13ú Meitheamh 2025


Tá laethanta saoire an tsamhraidh chóir a bheith linn - Hurá! Ach, tá go leor imeachtaí ag tarlú idir seo agus deireadh na míosa ar fiú ceiliúradh a dhéanamh orthu. Thig libh bheith ag meabhrú fúthu le cuidiú ó Nuacht Anois.


Mar shampla, an tseachtain seo, táthar ag díriú aird ar an bhia shláintiúil. Tuigimid go bhfuil sé tábhachtach bia sláintiúil a ithe lenár gcorp agus inchinn a choinneáil sláintiúil. Cad chuige nach gcuireann sibh na focail “bia” agus “sláintiúil” isteach sa bharra cuardaigh ar an leathanach seo. Ansin, thig libh cúpla alt a léamh as an rogha a thagann aníos.


Ar ndóigh, inniu an Aoine an 13ú lá! Tá go leor piseog ag baint leis an lá agus an dáta sin. Léigh níos mó faoi sin anseo.  


An Domhnach beag seo, beidh Lá na nAithreacha ann. Is lá é sin le smaoineamh ar na fir atá tábhachtach inár saol, cosúil le daidí, daideo, uncail, srl. Thiocfadh leat rud éigin deas a phleanáil, ar nós cárta a dhéanamh do do dhaidí, do dhaideo, srl., nó cuidiú leo le tasc éigin thart faoin bhaile.


Tarlóidh Seachtain na dTeifeach ar an tseachtain seo chugainn. Le linn na seachtaine sin, iarrtar orainn smaoineamh ar dhaoine ar fud an domhain a raibh orthu teitheadh óna mbailte mar gheall ar chogaíocht, fuath, nó easpa bia, cuirim i gcás, ina dtír féin. Is féidir libh níos mó a fhoghlaim faoin topaic sin tríd na focail “teifeach” nó “teifigh” a chur isteach sa bharra cuardaigh.

(Teifigh ag éalú. Grianghraf le Ajdin Kamber/Shutterstock.com)


Le plé nó le déanamh

✍️ I ngrúpaí, léigí cúpla alt difriúil ar Nuacht Anois faoi bhia. Insígí do ghrúpaí eile faoi na hailt a léigh sibh. Déanaigí plé orthu - an mbaineann na hailt a léigh sibh le nósanna atá sláintiúil nó míshláintiúil.

✍️ Déan liosta de na piseoga a bhaineann leis an Aoine an 13ú lá.

✍️ Dear cárta deas d’fhear speisialta i do shaol.

✍️ Samhlaigh go raibh ort éalú ó do bhaile go tobann mar theifeach. Cad é mar a mhothófá? Cad iad na rudaí is mó a chronófá?

✍️ Mar rang, déanaigí plé ar dhóigheanna ar féidir teifigh a imeascadh i do cheantar.


meas