Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bheadh Anne Frank 96 bliain d’aois inniu, dá maireadh sí. Rugadh í ar an lá seo, an 12ú Meitheamh, 1929, in Frankfurt na Gearmáine. Ach d’imigh sise agus a teaghlach go dtí an Ísiltír nuair a tháinig Adolf Hitler agus na Naitsithe i gcumhacht sa Ghearmáin. Thug na Naitsithe fuath do dhaoine cosúil le muintir Frank, a bhí ina nGiúdach. Bhí rialacha acu a chaith iad amach as a bpost agus a ghlac seilbh ar na rudaí a bhí acu. Sa deireadh, chuir siad Giúdaigh isteach i gcampaí agus mharaigh siad iad.
Hitler agus na Naitsithe
Shíl muintir Frank go mbeadh siad slán san Ísiltír ach bhí pleananna eile ag Hitler. Bhí polasaí ag Hitler an Ghearmáin a fhás chomh mór agus ab fhéidir leis, go háirithe in áiteanna ar labhair daoine Gearmáinis. Ina dhiaidh sin, d’ionsaigh sé tíortha eile. Sa bhliain 1939, chuaigh a chuid trúpaí isteach sa Pholainn agus cuireadh tús leis an Dara Cogadh Domhanda.
Is cathair álainn é Amstardam
Chuaigh Anne agus a deirfiúr mhór, Margot, chuig scoil in Amstardam agus bhí nós ag Anne bheith ag scríobh ina leabhar. Thuig an t-athair, Otto, go raibh an teaghlach i ndainséar agus rinne iarracht éalú go dtí Sasana agus na Stáit Aontaithe ach ní raibh cead acu. Ar an drochuair, chuaigh na Naitsithe isteach san Ísiltír i mí Bhealtaine 1940.
Taispeántas ar shaol Anne Frank. Seo í san áiléar.
Sa bhliain 1942, chuaigh an teaghlach i bhfolach in áiléar, taobh thiar de leabhragán. Chaith an teaghlach agus ceathrar eile 2 bhliain ina gcónaí ann i ngan fhios do na Naitsithe. Nuair a chuala siad na Naitsithe ag teacht, bhí orthu fanacht ina dtost ar eagla go gcluinfeadh siad iad. Ní raibh mórán le déanamh san áiléar, ar ndóigh, agus chaith Anne a cuid ama ag scríobh nótaí ina dialann.
Daoine in Auschwitz
Ar an drochuair, tháinig na Naitsithe ar Anne agus a teaghlach sa bhliain 1944. Cuireadh Anne chuig Auschwitz sa Pholainn agus fuair sí bás i mí Mhárta 1945. Ach d’fhág Anne rud amháin tábhachtach, a dialann den am a chaith sí go ciúin san áiléar agus tá an leabhar seo ar fáil ar fud an domhain sa lá inniu.
Le déanamh:
Samhlaigh go raibh tú i bhfolach, cosúil le Anne. Scríobh dialann do lá amháin.
• Cad a dhéanfá an lá sin?
• Cad é mar a mhothaíonn tú?
• Cad iad na rudaí is mó a mhothaíonn tú uait?
Le plé:
Mar a tharla do Anne Frank, bíonn go leor daoine sa lá atá inniu ann ar a dteitheadh ón chogaíocht agus ón fhuath. Tá sé tábhachtach go dtuigimid a scéalta agus go ndéanaimid iarracht domhan níos cothroime a chruthú.
Ar cheart tacaíocht a thabhairt do theifigh? Cad iad na dúshláin a bhíonn ag na teifigh féin agus ag na tíortha a dtéann siad chucu?
Pictiúir:
Auschwitz: Sergii Figurnyi / Shutterstock.com
Dialann Anne Frank (Het Achterhuis): Bert e Boer / Shutterstock.com
Stampa: spatuletail / Shutterstock.com
Taispeántas Anne Frank: Anton_Ivanov / Shutterstock.com
Hitler: Andreas Wolochow / Shutterstock.com