Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Déanann cuid de sheanscéalta na nGael tagairt don “Tír Fá Thoinn”, áit mhistéireach dhraíochtúil inár chónaigh créatúir cosúil leis an Mhaighdean Mhara.
(Maighdean Mhara)
Sa lá inniu, glactar leis nach raibh gach rud a bhí sna seanscéalta fíor. Ach, is fíor go bhfuil tír mhistéireach dhraíochtúil le fáil thíos faoi na tonnta. Tá a lán rudaí a bhaineann leis an saol thíos faoin fharraige nach bhfuil ar eolas againn go fóill.
An raibh a fhios agat go bhfuil 71% de dhromchla an domhain clúdaithe le huisce? Mar sin, tá níos mó ná dhá oiread uisce ar an domhan seo ná talamh.
Rinneadh ceiliúradh ar Lá Domhanda na nAigéan Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart. Is lá é chun cuimhneamh ar an tábhacht a bhaineann leis na haigéin agus leis na hainmhithe ar fad atá ina gcónaí iontu.
Thar na blianta, thug daoine cuairt ar chóir a bheith gach áit ar thalamh an domhain. Ar an lámh eile, áfach, níl eolas maith againn ach ar thart faoi 25% de na haigéin. Agus, le fírinne, baineann an chuid is mó den eolas sin le léarscáiliú a rinne daoine ar ghrinneall na bhfarraigí ag baint úsáid as sonóir, den chuid is mó.
Níl taiscéalaíocht déanta ag daoine ach ar 5% de na farraigí agus na haigéin atá ar domhan. Mar sin de, cá bhfios dúinn nach ann don Tír Fá Thoinn áit éigin?
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh
🌊 Cad chuige nach bhfuil an oiread céanna taiscéalaíochta déanta ag daoine faoin fharraige agus atá déanta acu ar talamh?
🌊 Cum scéal ina dtugann tú cuairt ar an Tír Fá Thoinn. Cad é a bhíonn le feiceáil agat ansin agus cad é a tharlaíonn? Tarraing pictiúr / sraith phictiúr le do scéal a mhaisiú.
🌊 Sa chlár ghairid seo bíonn spórt agus spraoi ag 4 dhuine óga san uisce. Mar chuid den chlár, baineann siad triail as an tumadóireacht. Ar mhaith leat féin dul a thumadóireacht? Mínigh do fhreagra.
🌊 Cad é atá ar eolas agat faoi ainmhithe atá ina gcónaí san fharraige? Cruthaigh comhad fíricí faoi chuid de na hainmhithe sin le d’eolas a léiriú.
🌊 Éist leis an amhrán beag seo agus amharc ar an fhíseán don chraic.