Samhradh sacair

Dé Máirt, an 10ú Meitheamh 2025


Tá na cluichí Gaelacha faoi lán seoil faoi láthair. Gheobhaidh muid amach cad iad na foirne a thabharfaidh an chraobh leo sa pheil, sa chamógaíocht agus san iománaíocht le linn an tsamhraidh. Ach más spéis leat tuilleadh spóirt, beidh dhá chomórtas mhóra sacair ann chomh maith.

An Spáinn in éadan Shasana

Ag tús mhí Iúil, cuirfear tús le Corn na hEorpa i bPeil na mBan, Dé Céadaoin, an 2ú Iúil. Beidh 16 fhoireann ag glacadh páirte sa chomórtas ach, faraor, níor cháiligh Éire an iarraidh seo. Beidh na cluichí uilig ar siúl san Eilvéis.

Bhain Sasana i 2022

Is é Sasana an fhoireann a bhain an comórtas seo i 2022 agus tá dea-scéala acu le déanaí nó beidh an scórálaí Lauren Hemp ar ais sa scuad i ndiaidh di bheith gortaithe. Is í an Spáinn, ar ndóigh, buaiteoir Chorn an Domhain ón bhliain 2023 nuair a bhí an bua acu ar Shasana sa chluiche ceannais. Beirt imreoirí as Barcelona, Aitana Bonmatí agus Alexia Putellas, croí fhoireann na Spáinne.

Alexia Putellas, Aitana bonmatí agus Olga Carmona

Tá rangú 2 ag an Ghearmáin sa chomórtas agus bhain siad an corn 8 n-uaire cheana féin. Ní thig linn dearmad a dhéanamh ar an Fhrainc ach oiread, agus an t-imreoir óg, Vicki Becho. Is in Basel, Dé Domhnaigh, an 27ú Iúil, a bheidh an cluiche ceannais ar siúl.

32 foireann a bheidh ag glacadh páirte sa chomórtas eile peile, Corn Domhanda Clubanna na bhFear, a thosaíonn sna Stáit Aontaithe an Satharn beag seo, an 14ú Meitheamh. Beidh na clubanna is mó ó gach cearn den domhan san iomaíocht don chorn seo.

Harry Kane a imríonn do Bayern Munich

Beidh aithne againn ar na foirne Eorpacha, Manchester City, Atlético Madrid, Paris Saint-Germain, Porto agus Bayern Munich, mar shampla, ach seans nach mbeidh taithí againn ar na foirne as Meiriceá Theas, as an Afraic agus as an Áise. Tá foirne láidre ag Meiriceá Theas le ceithre fhoireann as an Bhrasaíl ann agus beirt as an Airgintín. An mbeidh an bua ag club mar Boca Juniors nó Botafogo nó an mbeidh an lámh in uachtar ag na foirne Eorpacha? Beidh le feiceáil. Imreofar an cluiche ceannais ar an 15ú Iúil i Staid MetLife in New Jersey.

Boca Juniors


Le déanamh:

Roghnaigh foireann amháin ón téacs agus scríobh alt gearr nuachta ag tabhairt eolais faoi (bunaithe ar an téacs agus do chuid eolais féin).


‘Tá foirne Eorpacha i bhfad níos fearr ná foirne ó Mheiriceá Theas.’ Roinn an rang ina dhá ghrúpa agus déanaigí díospóireacht bheag.


Pictiúir:

Sasana: photographyjp / Shutterstock.com

An Spáinn in éadan Shasana: Marta Fernandez Jimenez / Shutterstock.com

Alexia Putellas Aitana bonmatí agus Olga Carmona: Dotero / Shutterstock.com

Alexia Putellas: ph.FAB / Shutterstock.com

Harry Kane: Orange Pictures / Shutterstock.com

Boca Juniors: shu2260 / Shutterstock.com


meas