Lá Spóirt

Dé Luain, an 9ú Meitheamh 2025

Tá muid ag tarraingt ar dheireadh na scoilbhliana anois, a léitheoirí dile. Agus is dócha go bhfuil sibh ag cleachtadh go tréan don Lá Spóirt. Is sean-traidisiún é an Lá Spóirt ag deireadh na scoilbhliana. Ach cad é an t-eolas a bhíonn de dhíth ort le bheith i mbarr do mhaitheasa ar an lá sin? Inseoimid gach rud daoibh anois!

I dtús báire, tabhair faoi deara go gcaithfidh tú bheith taobh thiar den líne thosaigh ag tús gach rása agus bíonn ort an líne dheiridh a thrasnú ag deireadh gach rása.

Má bhíonn an t-ádh leat agus aimsir dheas ann ar do Lá Spóirt, ná déan dearmad go leor uisce a ól. Má bhíonn an ghrian ag soilsiú, cuir ort uachtar gréine le do chraiceann a chosaint. Is smaoineamh maith é fosta hata a chaitheamh ar laethanta atá te agus grianmhar.

Má thagann tú sa chéad áit, baineann tú an rás agus gach seans go mbainfidh tú bonn óir, nó teastas a bhfuil bonn óir air. Bíonn bonn airgid ann don dara háit agus bonn cré-umha ann don triú háit.

Bíonn imeachtaí foirne ann fosta, mar shampla an Rás Sealaíochta. Ritheann gach reathaí ar a seal leis an bhata go dtí go dtugann siad don chéad duine eile ar a bhfoireann é, nó go dtrasnaíonn an reathaí deireanach an líne dheiridh.

Ná bí buartha mura mbíonn tú tugtha don spórt, de ghnáth. Bíonn go leor imeachtaí breise ag tarlú ar an Lá Spóirt. Bíonn craic agus spraoi ag baint leis na rásaí “Práta agus Spúnóg”, Barra Rotha, Sacrás, Tarraingt Téide, Cúrsa Bacainní, srl.

Rud eile atá tábhachtach, bí ag éisteacht leis na múinteoirí ar eagla go gcaillfeá amach ar an rás nó ar an imeacht is fearr leat. De ghnáth, nuair a bhíonn sibh ag cleachtadh ar scoil, ní bhíonn ann ach do rang féin, nó b’fhéidir cúpla rang le chéile. Ach, ar an Lá Spóirt féin, bíonn na sluaite daoine ann - idir thuismitheoirí, ghaolta agus daltaí. Chomh maith leis sin, beidh níos mó ná imeacht amháin ag tarlú ag an am céanna.

Ar deireadh, bain sult as do Lá Spóirt. (Agus beidh muid in éad leat má bhíonn veain uachtar reoite ann!)


Le plé agus le déanamh
  1. Cad é an rás nó an t-imeacht is fearr leat féin ar La Spóirt? Cad chuige ar fearr leat é?
  2. An bhfuil imeacht ar bith nach mbíonn ag tarlú ar an Lá Spóirt i do scoil, ach ba mhaith leat go mbeadh sé ag tarlú? Cén sórt imeachta é agus cad chuige ar mhaith leat é a bheith san áireamh?
  3. Dear póstaer leis an imeacht ba mhaith leat a fheiceáil ar Lá Spóirt a léiriú agus a mhíniú. (Nó dear póstaer leis an imeacht is fearr leat ar Lá Spóirt a léiriú. Cad iad na treoracha agus na rialacha a bhaineann leis an spórt sin?)



meas