Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ar imir tú le yó-yó riamh? Is bréagán iontach é agus thig leat é a chasadh agus a luascadh agus, má bhíonn tú maith, tagann sé ar ais chugat! Tagann an focal ‘yó-yó’ ó na Filipíní agus ciallaíonn sé ‘tar-tar’, nó tagann sé ar ais chugat. Thug Pedro Flores, fear as na Filipíní, an yó-yó chuig Meiriceá agus thosaigh sé á ndíol ansin. Inniu, an 6ú Meitheamh, Lá Náisiúnta an Yó-yó i Meiriceá.
Mura bhfuil taithí agat ar an yó-yó, is bréagán ciorclach é atá déanta de dhá dhiosca ceangailte sa lár. Tá spás ann don tsreang sa lár chomh maith. Coinníonn tú greim ar cheann amháin den tsreang agus, má ligeann tú don yó-yó titim, casann sé thart ag an cheann eile den tsreang. Má dhéanann tú casadh beag le do rosta, tiocfaidh an yó-yó ar ais chuig do lámh.
Tá yó-yónna thart leis na céadta bliain. Síleann daoine gurb iad na bábóga an bréagán is sine sa stair ach ina dhiaidh sin tháinig an yó-yó. Tá pictiúir díobh ann ón tsean-Ghréig. Sa bhliain 1928, cheannaigh Donald Duncan na cearta don yó-yó ó Pedro Flores, an fear a thug an yó-yó ó na Filipíní. Bhunaigh seisean Duncan Toys Company agus rinne sé a lán yó-yónna. An rud is spéisiúla faoi ná go ndearna sé fógraíocht leis na yó-yónna a dhíol agus, go luath, bhí gach páiste ag iarraidh yó-yó a bheith acu. Rugadh Donald Duncan ar an 6ú Meitheamh agus sin an fáth a ndearnadh Lá an Yó-yó den dáta sin.
Comhlacht Duncan a dhéanann yó-yónna go fóill
An rud is fearr faoin yó-yó ná gur féidir le daoine na bunrudaí a dhéanamh gan mórán oibre. Ach tá daoine ann chomh maith a ghlacann an yó-yó iontach dáiríre. Bíonn comórtais acu lena chéile as na cleasa is fearr a dhéanamh leis an yó-yó.
Le déanamh:
Litir chuig Pedro Flores: Samhlaigh gur páiste i Meiriceá thú i 1929. Scríobh litir ghearr ag gabháil buíochais le Pedro Flores as an yó-yó a thabhairt go Meiriceá.
Dear do yó-yó féin. Bíonn dathanna agus dearaí difriúla ar na yó-yónna. Dear do cheann féin agus tabhair ainm dó.
Pictiúir:
Dancan Toys: Keith Homan / Shutterstock.com