Lá Domhanda an Chomhshaoil 2025

Déardaoin, an 5ú Meitheamh 2025


Tá an pláinéad s’againn faoi bhrú. Chuala muid uilig faoin dóigh a ndéanann dé-ocsaíd charbóin an Domhan a théamh suas. Iarrtar ar dhaoine gan breoslaí mar ghual nó ola a dhó agus fuinneamh in-athnuaite mar ghaoth, cumhacht na gréine nó cumhacht tonnta a úsáid. Ciallaíonn ‘in-athnuaite’ gur tháinig sé ó fhoinsí nádúrtha a thagann ar ais go nádúrtha agus nach n-imíonn as.

Cumhacht na gréine agus cumhacht na gaoithe

Fadhb eile atá ag an phláinéad ná an truailliú a dhéanann plaisteach. Is rud iontach úsáideach é plaisteach agus déanaimid a lán rudaí leis. Mar shampla, bíonn plaisteach i gcuid mhaith de na rudaí a chlúdaíonn bia agus coinníonn sé úr é.

Chomh maith leis sin, úsáidtear plaisteach le cathaoireacha agus táblaí a dhéanamh, le píopaí agus urláir a dhéanamh. An chuid is mó de na bréagáin atá againn, déantar as plaisteach iad agus gach rud leictreonach, bíonn plaisteach istigh ann. Fiú na héadaí a chaithimid, bíonn a lán plaistigh iontu.

Le blianta anois, tá an plaisteach ag dul isteach sa timpeallacht agus tá sé le fáil i ngach cuid den Domhan. An rud a tharlaíonn ná go mbriseann an plaisteach síos go dtí píosaí beaga bídeacha nach dtig linn a fheiceáil agus téann sé isteach sna haibhneacha agus san fharraige. Anois, tá plaisteach ar fáil san uisce a ólaimid, sa bhia a ithimid agus tá sé i gcorp chóir a bheith gach ainmhí atá beo.

Tá Lá Domhanda an Chomhshaoil ann inniu agus is é téama na bliana seo ná ‘Deireadh le Truailliú Plaisteach’. Cé gur fadhb ollmhór í fadhb an phlaistigh, is fadhb í is féidir a réiteach. An chéad chéim ná go gcaithfidh muid teacht ar rogha eile ar phlaisteach. An féidir linn rudaí a dhéanamh as ábhair in-athnuaite, adhmad, mar shampla, a thagann ó na crainn? Rud eile is féidir a dhéanamh ná an plaisteach atá ann cheana féin a athchúrsáil, is é sin, rudaí nua a dhéanamh leis.


Le déanamh:

Amharc thart sa seomra ranga. I ngrúpaí, déanaigí liosta de 10 rud atá déanta de phlaisteach. An féidir libh smaoineamh ar rudaí eile a ghlacfadh áit an phlaistigh?


Luaigh muid athchúrsáil san alt seo. Dear póstaer ag léiriú cé chomh tábhachtach is atá an athchúrsáil don phláinéad.

Daoine ag bailiú plaistigh


meas