Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Seo linn an samhradh - cé nach mbíonn sé sin i gcónaí soiléir ón aimsir! Ach, anois an t-am le bheith taobh amuigh níos mó ag baint sult as an aer agus na laethanta fada.
Bealach amháin leis sin a dhéanamh ná bualadh ar do rothar! Ach, an bhfuil laethanta an rothair thart sa tír seo? An mbíonn tú féin agus daoine óga cosúil leat ag dul ag rothaíocht mórán sa lá inniu?
Tháinig ann don chéad rothar breis agus 200 bliain ó shin, nuair a chruthaigh Gearmánach darb ainm Karl von Drais, an “laufmaschine”. “Rith” an chiall atá le “lauf”, mar sin de, lig an gléas seo do dhuine bheith ag dul go gasta.
(líníocht de Karl Von Drais ar a laufmaschine. An bhfuil rud ar bith ar iarraidh? Pictiúr san fhearann phoiblí trí Wikimedia Commons)
Ní raibh troitheáin ar an rothar a chruthaigh Karl Von Drais, ach thart ar 1839, tháinig gabha ó Albain, Kirkpatrick McMillan, aníos leis an smaoineamh chun troitheáin a chur ar rothar de chineál Von Drais. Sa 19ú haois, chruthaigh daoine éagsúla rothair de gach cineál - ina measc, ceann iontach difriúil ar fad, an “Penny Farthing”, a chruthaigh James Starling in 1871.
San 20ú haois, d’éirigh an rothar, mar atá aithne againn air, iontach coitianta ar fud an domhain. Is bealach simplí agus saor é le taisteal a dhéanamh.
(Bíonn go leor daoine ag taisteal ar a rothair i mBéising na Síne. Grianghraf le Joseph Sohm/Shutterstock.com)
Ach, sa lá atá inniu ann, an bhfuil ré an rothair ag teacht chun deiridh? An bhfuil rothar agat féin? An mbíonn sé in úsáid agat mórán? Is dócha go ndéanann tú i bhfad níos mó taistil sa charr na laethanta seo.
Le fírinne, mar gheall ar an mhéid carranna atá ar na bóithre anois, níl sé sábháilte bheith ag rothaíocht ar an bhóthar! Ní féidir linn dul ag rothaíocht níos mó ach amháin sa pháirc nó ar bhóthar nach mbíonn mórán carranna ag taisteal air.
Is trua ghéar é sin mar tá a lán buntáistí ag baint leis an rothaíocht. Ar an chéad dul síos, tá sé maith dúinne mar go gcuidíonn sé linn bheith aclaí agus sláintiúil. Chomh maith leis sin, tá sé maith don timpeallacht, mar ní chuireann sé gás ar bith dochrach isteach san atmaisféar, murab ionann agus na carranna!
Sa lá inniu, ba cheart dúinn uilig bheith ag rothaíocht níos mó, ach, ar an drochuair, níl sé sábháilte. Cad é atá i ndán don rothar mar sin? Cad é do bharúil féin?
Nuair a tháinig an rothar go hÉirinn ar an chéad dul síos, cuireadh an t-ainm “gearrán iarainn” air i nGaeilge. Is cineál de chapall fireann é gearrán.
(gearrán)
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh
🚲 Pléigh an Todhchaí: Tá an t-alt seo ag fiafraí "Cad é atá i ndán don rothar mar sin? Cad é do bharúil féin?". Scríobh mír ghearr ag cur síos ar do thuairim faoi thodhchaí an rothair in Éirinn, ag smaoineamh ar shábháilteacht, ar an timpeallacht, agus ar fhorbairtí féideartha eile. (SN: Déan trácht, nó scríobh tuairisc).
🚲 Dear Rothar Nua: Dá mba dhearthóir rothar thú, cén cineál rothair a chruthófá leis na fadhbanna sábháilteachta atá luaite sa téacs a réiteach, nó leis an rothaíocht a dhéanamh níos tarraingtí do dhaoine óga? Tabhair cur síos ar na gnéithe nua a bheadh ag do rothar.
🚲 Feachtas Poiblíochta: Tá buntáistí móra ag baint leis an rothaíocht. Cruthaigh frása nó mana gairid (suas le 10 bhfocal) d’fheachtas poiblíochta a spreagfadh níos mó daoine in Éirinn le dul ag rothaíocht. Mínigh cén fáth ar roghnaigh tú an mana sin.
🚲 Ag Cur Comhairle ar an Rialtas: Dá mbeadh deis agat comhairle a chur ar an Rialtas faoin bhealach is fearr leis an rothaíocht a chur chun cinn agus a dhéanamh níos sábháilte sa tír, cén dá mholadh is tábhachtaí a bheadh agat dóibh? Mínigh do chuid moltaí.