Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí am ann nuair a chreid daoine i dtaibhsí agus i sióga. Gach lá, rinne siad rudaí de réir na bpiseog a bhí acu. Mar shampla, ní raibh cead agat ráth nó lios a scriosadh nó chreid daoine go mbeadh fearg ar na sióga. Má dhoirt tú salann, b‘éigean duit cuid de a chaitheamh thar do ghualainn chlé leis an diabhal a dhalladh.
Baineann rudaí mar seo leis ‘an saol eile’. Sa lá inniu, tugtar ‘paranormáltacht’ ar a leithéid. An bhfuil rud eile amuigh ansin nach féidir linn a fheiceáil ná a thuiscint? Nó an gcumann daoine scéalta ró-ghasta nuair nach mbíonn míniú acu faoi rud a chonaic siad nó a chuala siad?
An mbíonn tú féin ag troid má bhíonn tochas i do shrón?
Ní bhaineann an pharanormáltacht leis an saol fadó. Cuid de na piseoga, maireann siad go fóill. Má mhothaíonn tú na cluasa te, caithfidh go bhfuil duine ag caint fút. Nó, má bhíonn tochas i do shrón, beidh troid agat. Agus, ó am go chéile, cluinimid faoi bhóthar nua ag dul thart ar ráth na sióg cionn is nár mhaith leis na tógálaithe fearg a chur orthu.
Ráth na sióg
Cuid den am, cuireann daoine cuma nua-aimseartha ar na rudaí paranormálta. Ní bhíonn daoine ag caint an oiread sin faoi shióga sa lá inniu ach is minic iad ag caint faoi eachtráin agus a spásárthaí nuair a fheiceann siad rud nach dtuigeann siad sa spéir. Tugtar úfó-nna ar rudaí eitilte gan aithint, agus creideann a lán daoine go bhfaca siad ceann.
Rud eile paranormálta a gcuireann daoine spéis ann ná an Gruagach nó Sasquatch. Síleann daoine áirithe go bhfuil ainmhí amuigh sna foraoisí atá cosúil le duine iontach mór ach a bhfuil a lán gruaige air. Téann daoine amach ar a lorg agus, corruair, feiceann siad rian na gcos mór sa talamh.
An Gruagach
An rud is tábhachtaí faoin pharanormáltacht ná go bhfuil sé ceart go leor bheith fiosrach faoi rudaí nach dtuigimid. Ach ná déanaimis dearmad nach bhfuil gach rud paranormálta fíor agus nár chóir dúinn bheith buartha fúthu.
Le déanamh agus le plé:
Le cara, déan liosta de na rudaí paranormálta is mó ar chuala sibh fúthu. Cuirigí bhur liosta i gcomparáid le liosta grúpa eile.
An aontaíonn tú le daoine a thógann bóthar thart ar ráth in ionad é a scriosadh? An bhfuil siad as a meabhair nó an bhfuil siad ag iarraidh bheith slán, ar eagla na heagla . . .
Plé Ranga: Cén fáth ar chreid daoine sna sióga agus sna taibhsí fadó?
Léigh tuilleadh faoin pharanormáltacht anseo.