Teanga dhraíochta

Dé hAoine, an 30ú Bealtaine 2025


‘Tá tú chomh socair le cat’. ‘Bhí sí chomh sásta le píobaire’. Ar chuala tú daoine ag rá rudaí mar seo riamh? Tugtar ‘samhail’ ar an chineál teanga seo agus tá samhlacha cosúil le dusta draíochta a chaitheamh ar an rud ba mhaith leat a rá.

Cad é an rud é ‘samhail’, mar sin? Comparáid atá ann; cuireann tú rud amháin i gcomparáid le rud eile. Abair go bhfuil rud mór agat, thiocfadh leat a rá go bhfuil sé ‘chomh mór le teach’. Nó más maith leat éifeacht níos mó a fháil, thiocfadh leat a rá go bhfuil sé ‘chomh mór le heilifint’.

Cruthaíonn tú pictiúr agus fanann an rud a deir tú i gcuimhne an duine a chluineann é. Bíonn cuid acu simplí agus furasta a choinneáil i gcuimhne. Mar shampla, ‘chomh dearg leis an rós’ nó ‘chomh milis le mil’.

Bíonn mil milis

Ní gá go mbeidh rud amháin i gceist le focal. Má tá rud bán agat, tá na roghanna seo uilig agat:


    • Chomh bán le bainne

    • Chomh bán le cailc

    • Chomh bán leis an eala

    • Chomh bán leis an sneachta

Eala

In amanna, cuirtear a lán rud i gcomparáid le rud amháin. Mar shampla:


    • Chomh crua le cloch

    • Chomh marbh le cloch

    • Chomh bodhar le cloch

    • Chomh trom le cloch

    • Chomh fuar le cloch

An bhfuil an chloch seo, crua, marbh, bodhar, trom…agus fuar?

Amanna eile, bíonn rud iontach greannmhar i gceist agus péinteálann an tsamhail pictiúr amaideach nó áiféiseach. Má tá tú ag iarraidh a rá go bhfuil rud éigin ciotach nó amscaí, thiocfadh leat é seo a rá: ‘Chomh ciotach le muc ag dul suas dréimire’.

Nó cad é faoin cheann seo?: ‘Chomh ríméadach le cat a mbeadh bróga air’.

Baineann na samhlacha le heispéireas daoine nó rudaí a chonaic siad thar na blianta agus tá siad sa chaint go fóill. De ghnáth, bíonn siad fíor, cosúil leis an cheann atá sa cheannteideal: ‘Chomh sona le páiste le huachtar reoite’. An aontaíonn tú leis?


Le déanamh:

Dear póstaer bunaithe ar na samhlacha san alt seo nó samhail eile atá ar eolas agat. Má tá tú sásta leis, iarr ar do mhúinteoir grianghraf a ghlacadh de agus é a chur chugainne. Seo roinnt samhlacha eile le cuidiú leat:


Chomh soineanta le leanbh

Chomh glic leis an sionnach

Chomh ramhar le rón

Chomh bog le him


Tá na samplaí atá againn anseo uilig sa chaint cheana féin. An dtig leat ceann nua a chumadh?


Más spéis leat an t-ábhar seo, tá tuilleadh samhlacha ar an liosta seo.


meas