Fáiscíní Páipéir

Déardaoin, an 29ú Bealtaine 2025


An mbíonn fáiscíní páipéir in úsáid agat in am ar bith? Is dócha go bhfuil roinnt acu in úsáid ag do mhúinteoir sa seomra ranga áit éigin. Bíonn siad iontach úsáideach le píosaí páipéir a cheangal le chéile go néata.



Ach, ar chuir tú suim sa ghnáthrud laethúil seo riamh? B’fhéidir go gcuirfeadh sé iontas ort cuid den stair a bhaineann leis na fáiscíní a chloisteáil. Tá cúpla fíric thar a bheith suimiúil ag baint leo.

fáiscíní páipéir éagsúla (pictiúr le HarJIT, CC By-SA 4.0, trí Wikimedia Commons)


I dtús báire, tá daoine ag ceangal píosaí páipéir lena chéile leis na céadta bliain. Bhíodh ribíní, téada agus sreangacha miotail in úsáid acu leis an jab sin a dhéanamh. Sa leath dheireanach den 19ú haois (idir 1867 agus 1870í), thosaigh daoine ag cruthú fáiscíní páipéir atá cosúil leis na cinn a bhíonn in úsáid againn sa lá inniu. Faoi 1899, chruthaigh William Middlebrook meaisín a bhí ábalta na fáiscíní páipéir a dhéanamh. Ar ndóigh, thosaigh níos mó daoine ag baint úsáid astu ina dhiaidh sin mar go raibh siad ar fáil go furasta.


Tá stair spéisiúil ag na fáiscíní páipéir sa Dara Cogadh Domhanda. Ag an am sin, ghlac an Ghearmáin seilbh ar an Iorua agus chuir siad an tír sin faoi smacht. Ní raibh muintir na hIorua róshásta faoi sin, ar ndóigh, agus rinne siad iarracht troid ar ais. Ach bhí orthu a gcuid pleananna a choinneáil faoi rún ó na Naitsithe. Chaith na daoine a bhí ag iarraidh troid in éadan na Naitsithe fáiscíní páipéir mar shiombail rúnda.


Rinne Kyle McDonald, arb as Ceanada dó, triail iontach suimiúil idir samhradh 2005 agus samhradh 2006. Rinne sé trádáil le daoine ar mhaithe le rudaí eile a fháil a bhí níos fearr dó. Níor úsáid sé airgead ar bith, ach mhalartaigh sé rudaí le daoine eile go díreach. Thosaigh sé amach le fáiscín páipéir dearg amháin mar thúsphointe agus chríochnaigh sé le teach!


Tá curiarrachtaí domhanda déanta le fáiscíní páipéir chomh maith. In 2004, chruthaigh foireann de 60 dalta scoile i Meiriceá slabhra le fáiscíní páipéir a bhí 35,630m ar fad! B’shin an méid a bhí siad ábalta a dhéanamh taobh istigh de 24 uair an chloig. D’úsáid siad níos mó ná milliún go leith fáiscín páipéir!


Ceisteanna

  1. Cén úsáid is coitianta a bhaintear as fáiscíní páipéir?
  2. Cad é mar a cheangail daoine píosaí páipéir lena chéile sula raibh fáiscíní páipéir ann?
  3. Cén ról a bhí ag na fáiscíní páipéir san Iorua le linn an Dara Cogadh Domhanda?
  4. Thosaigh Kyle McDonald amach le fáiscín páipéir dearg amháin, ach cén toradh a bhí ar a thriail?
  5. Cé chomh fada is a bhí an churiarracht dhomhanda, a rinneadh le fáiscíní páipéir in 2004, i gciliméadair?


Le plé nó le déanamh

📎 An síleann tú go bhfuil ré na bhfáiscíní páipéir thart? An mbeidh úsáid ar bith leo roimh i bhfad i saol digiteach an lae inniu?

📎 Déan comórtas curiarrachta i do rang féin - cén dalta ar féidir leis nó léi an slabhra is faide a chruthú taobh istigh de 60 soicind?

📎 Úsáid fáiscíní páipéir le píosa ealaíne a chruthú. (Ba bhreá linn dá gcuirfeadh sibh grianghraif isteach chugainn de bhur n-iarrachtaí.)

📎 Scríobh gearrscéal faoi fháiscín páipéir amháin - cad iad na heachtraí a tharlaíonn dó? (Thiocfadh libh seo a dhéanamh i ngrúpa. Nó, thiocfadh le grúpa amháin tús a chur leis an scéal, ansin scríobhann grúpa eile an dara paragraf, agus grúpa eile an tríú paragraf, srl.  Ar deireadh, léigh an scéal iomlán amach don rang ar fad.)


meas