Lá na nEitleog

Dé Céadaoin, an 28ú Bealtaine 2025


Páistí ag fanacht le bia i nGaza

An mbíonn tú buartha nuair a fheiceann tú rudaí gránna ar an teilifís? Cogaí ar siúl agus daoine neamhchiontacha gortaithe nó marbh. I nGaza, sa Phalaistín, fuair na mílte páiste bás in ionsaithe ó Iosrael. Faoi láthair, tá páistí ag fáil bháis mar gheall ar an ocras cionn is nár lig Iosrael leoraithe lán bia agus uisce isteach. Le cúpla lá, lig siad beagán leoraithe isteach ach deir na Náisiúin Aontaithe nach leor é ar chor ar bith.


Níl saol normálta ag na páistí i nGaza faoi láthair. Níl siad ábalta dul ar scoil ná teacht ar chúram sláinte agus bíonn siad faoi chontúirt i gcónaí. Ar an drochuair, níl guth acu. Deir daoine sa tír seo agus i dtíortha eile go gcaithfidh siadsan bheith mar ghuth ag na páistí i nGaza.


An féidir linn rud ar bith a dhéanamh faoi rudaí atá ag tarlú na mílte ciliméadar ar shiúl? Tá na hardranganna i nGaelscoil na bhFál cinnte gur féidir leo rudaí a dhéanamh.

Páistí ó na hardranganna

An chéad rud is féidir a dhéanamh ná feasacht a ardú, is é sin, níos mó eolais faoin chás a bhailiú agus é a roinnt le daoine eile. Bhí Seachtain ‘Labhraímis faoin Phalaistín’ ar siúl acu cúpla seachtain ó shin. D’amharc na páistí ar an scannán ‘I am from Palestine’ agus d’fhoghlaim siad nach bhfuil an Phalaistín ar aon léarscáil ná cruinneog ar bith sa scoil. Rinne na daltaí póstaeir faoi na rudaí uilig a d’fhoghlaim siad.

Níl ainm na Palaistíne ar an chruinneog seo

Dé Domhnaigh seo caite, bhí Lá Domhanda na nEitleog Palaistíneach ann. Sa bhliain 2011, sháraigh páistí i nGaza curiarracht dhomhanda as an líon is mó daoine eitleoga a eitilt ag an am céanna. Dé hAoine, ghlac páistí i nGaelscoil na bhFál páirt san imeacht tríd eitleoga dá gcuid féin a dhéanamh. Is bealach é seo le ‘labhairt ar an Phalaistín’ agus aird a dhíriú ar an ghéarchéim sa tír.


Le déanamh:

Níl guth ag na páistí i nGaza, ar an drochuair. An dtiocfadh libhse bheith mar ghuth dóibh? Dearaigí póstaeir faoi Chearta na bPáistí.


Dá mbeadh deis agat scríobh chuig polaiteoir nó ceannaire rialtais faoin dóigh a bhfuil cearta na bpáistí á sárú faoi láthair sa Mheán-Oirthear, cad é a scríobhfá i litir?


Le cuidiú ó chara, an dtiocfadh leat smaoineamh ar dhóigheanna le feasacht a ardú faoin cheist seo nó faoi cheist eile atá tábhachtach? Scríobh an liosta in ord, an ceann is éifeachtaí, dar libh, ag an bharr.


Dear agus déan d’eitleog féin agus cuir pictiúr nó teachtaireacht dóchais agus tacaíochta uirthi do na páistí sa Phalaistín. (Thiocfadh leat seo a dhéanamh i ngrúpa fosta.)


Cuardaigh ‘An Phalaistín’ agus ‘Gaza’ le tuilleadh a fhoghlaim.


Pictiúir:

Eitleoga i nGaza: Ana-Mohamed / Shutterstock.com

Páistí i nGaza: Ana-Mohamed / Shutterstock.com


meas