Deireadh leis an scórta?

Dé Máirt, an 20ú Bealtaine 2025

Níl na himreoirí camógaíochta sásta


Tá sé ina raic i saol na camógaíochta le cúpla seachtain anuas agus baineann sé leis an rud a chaitheann imreoirí agus iad ag imirt.

Faoi láthair, caithfidh imreoirí camógaíochta scórta a chaitheamh agus iad amuigh ar pháirc na himeartha. Is meascán de sciorta agus de bhríste gairid é an scórta. An fhadhb atá ann, deir cuid mhór imreoirí – níos mó ná 70% de na himreoirí idirchontae – nach bhfuil an scórta compordach agus iad ag imirt. Ba mhaith leo rogha a bheith acu bríste gairid nó scórta a chaitheamh ar an pháirc.

Scórta – bíonn sórt bríste gairid ar an taobh istigh agus sciorta ar an taobh amuigh


Bhí vóta ann faoin cheist seo i mí Aibreáin anuraidh ach vótáil na daoine atá i gceannas ar an Chumann Camógaíochta in éadan na mbrístí gairide – ní raibh vóta eile le bheith ann go dtí 2027.

Cuireadh an Cumann Camógaíochta ar bun in 1904


Cuireadh an Cumann Camógaíochta ar bun in 1904 leis an chamógaíocht a chur chun cinn ach bhí i gcónaí rialacha iontach láidir acu faoin éide atá le caitheamh ag imreoirí agus iad ar an pháirc. In 1904, bhí ar na himreoirí sciorta fada olla síos go dtí na murnáin a chaitheamh!

Foireann Phort Láirge in 1915 – samhlaigh bheith ag iarraidh cluiche camógaíochta a imirt sna héadaí seo!


Thar am, lig an Cumann Camógaíochta dá gcuid imreoirí sciortaí níos compordaí a chaitheamh ach níor lig siad riamh dóibh bríste gairid a chaitheamh. Ach, le cúpla seachtain anuas, tá cuid mhór imreoirí, fud fad na tíre, ag labhairt amach faoin riail seo – riail, dar leo, atá seanfhaiseanta agus míchothrom.

Deir go leor imreoirí go bhfuil an scórta míchompordach agus go gcuireann sé isteach orthu agus iad ag imirt


Ag tús na míosa seo, i gcluiche leathcheannais Camógaíochta Chúige Laighean, tháinig foirne Átha Cliath agus Chill Chainnigh amach ar an pháirc agus bríste gairid ar gach duine acu. Dúirt an réiteoir nach raibh cead acu an cluiche a imirt go dtí gur athraigh siad agus gur chuir siad scórta orthu féin! Thosaigh sé sin cuid mhór agóidí, fud fad na tíre.

Foireann Chill Chainnigh

Foireann Átha Cliath


Faoi dheireadh, ní raibh an dara rogha ag an Chumann Camógaíochta ach comhdháil speisialta a fhógairt, le go mbeidh vóta eile acu faoi riail na scórtaí. Tá an chomhdháil sin le tarlú Oíche Déardaoin i bPáirc an Chrócaigh. Má éiríonn leis an rún gur cheart rogha a bheith ag imreoirí – beidh cead ag imreoirí Camógaíochta bríste gairid a chaitheamh den chéad uair riamh, ón Satharn beag seo, an 24ú Bealtaine.

Caitheann imreoirí peile bríste gairid i bpeil na mban…

An mbeidh cead ag lucht camógaíochta an rud céanna a dhéanamh i ndiaidh chruinniú Déardaoin? 


Gníomhaíocht

🏑 An síleann tú gur cheart go mbeadh rogha ag imreoirí camógaíochta idir scórta agus bríste gairid? Cén fáth?

🏑 Thiocfadh leat a rá go bhfuil an chamógaíocht agus an iomáint mar an gcéanna. An bhfuil sé cothrom go bhfuil rialacha difriúla ann d’fhir agus do mhná sa spórt céanna?

🏑 Cén fáth, dar leat, ar choinnigh an Cumann Camógaíochta greim chomh láidir sin ar na rialacha éide le breis is 100 bliain?



Gach pictiúr le D. Ribeiro / Shutterstock.com (seachas an seanphictiúr d’fhoireann Phort Láirge, a bhfuarthas é ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, trí Picryl)

meas