Bígí ag bácáil!

Dé Luain, an 19ú Bealtaine 2025

An maith leat bheith ag cuidiú sa chistin? An mbíonn tú ag cuidiú leis an bhia a dhéanamh réidh in am ar bith? Is maith linn uilig bia a ithe, ach an ndearna tú iarracht rud ar bith a bhácáil riamh?


Bhuel, tharla lá speisialta do na báicéirí ar fad inné. Lá Domhanda na Bácála a bhí ann (an 18ú lá Bealtaine), nuair a bhíonn daoine ar fud an domhain ag bácáil rudaí blasta le chéile.

(Bíonn báicéirí ag déanamh gach sórt de chíste agus aráin)


An raibh a fhios agat go bhfuil daoine ag bácáil leis na mílte bliain? Sa tSean-Éigipt agus sa tSean-Ghréig, rinne na daoine cístí a bhácáil agus aráin a raibh cruthanna ainmhithe orthu. Ní raibh siúcra acu an t-am sin, mar sin de, d’úsáid siad mil leis na cístí a dhéanamh milis. D’fhág siad cuid de na bianna speisialta seo mar bhronntanais sna teampaill do na déithe a bhí acu.

(Ba ghnách leis na Sean-Éigiptigh aráin i gcruth ainmhithe agus cístí meala a fhágáil sna teampaill mar bhronntanais do na déithe.)


Sa lá inniu, is dóigh iontach í an bhácáil le spraoi a bheith agat sa chistin. Thig leat cístí, bonnóga, arán nó scónaí a dhéanamh. Thig leat cuidiú le do theaghlach na comhábhair a mheascadh agus amharc orthu ag athrú agus ag bácáil san oigheann. Ar deireadh, bíonn deis agat an bia blasta a ithe! 😋

(samplaí de na comhábhair a bhíonn in úsáid sa bhácáil)


Cad chuige nach mbaineann tú féin triail as rud éigin a bhácáil le do chairde nó le do theaghlach an tseachtain seo? Bainfidh tú sult as agus beidh tú ag foghlaim scil thábhachtach don saol.


Ceisteanna le freagairt

  1. Cén dáta ar a mbíonn Lá Domhanda na Bácála?
  2. Cá fhad atá daoine ag bácáil?
  3. Cén dá rud mhilse a bhíodh na hÉigiptigh agus na Gréagaigh ag bácáil fadó?
  4. Cad é an chiall atá ag an fhocal “comhábhair”?
  5. Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach bheith ábalta bácáil, dar leat?


Le plé nó le déanamh

🍩 Cuardaigh an focal ‘oideas’ ar Nuacht Anois. Tiocfaidh tú ar chuid mhór smaointe blasta faoi bhianna is féidir leat a dhéanamh.

🍩 Déan taighde faoi stair na bácála. Faigh amach na cineálacha uirlisí bácála a bhíodh in úsáid fadó agus tarraing pictiúir díobh.

🍩 Scríobh amach oideas don bhia shimplí is fearr leat. Tarraing pictiúir leis na céimeanna a léiriú. Tarraing pictiúir de na comhábhair agus den trealamh a bhíonn de dhíth ort.

🍩 Thug daoine bia bácáilte mar bhronntanas do na déithe fadó. An síleann tú gur bronntanas maith é císte nó arán do dhaoine sa lá inniu? Mínigh do fhreagra.

🍩 Déan suirbhé i do rang - Cad iad na cineálacha bianna is maith le daoine bheith á mbácáil? Bailigh na torthaí i dtábla agus léirigh iad mar ghraf. Cad é an cineál bia is mó a dhéanann na daltaí i do rang nuair a bhíonn siad ag bácáil?



meas