Lá Domhanda na mBeach 2025

Dé hAoine, an 16ú Bealtaine 2025


An raibh a fhios agat go bhfuil post mór ag na beacha? Cé gur ainmhithe beaga iad, déanann siad a lán le cuidiú leis an phláinéad agus iad ag eitilt thart. An oiread sin go bhfuil lá speisialta acu, Lá Domhanda na mBeach, ar an 20ú Bealtaine. Cad é a dhéanann siad, mar sin? 

Cuidíonn beacha go mór le plandaí fás agus le plandaí nua a dhéanamh. Tugtar ‘pailniú’ ar an rud a dhéanann siad. Úsáideann plandaí pailin le plandaí nua a dhéanamh. Is cineál de phúdar é an phailin agus ba mhaith leis an phlanda an phailin a bhogadh go dtí planda eile. Is cineál de chluiche é.

Pailin bhuí ar bheach

Úsáideann plandaí cleasa leis an bheach a mhealladh. In amanna, bíonn bláth deas daite acu, amanna eile, bíonn blas deas as an bhláth. Agus is minic a bhíonn ‘neachtar’ milis istigh ag bun an bhlátha, chomh maith. Cuid mhaith den am, úsáideann planda na cleasa seo uilig! Samhlaigh neachtar mar rud deas, uachtar reoite, b’fhéidir, agus is maith leis an bheach é. Ach nuair a bhíonn an bheach istigh sa bhláth, ag ól an neachtair, tógann sí giota beag pailine chomh maith.

Anois, cosúil le cluiche, ní fhaigheann an planda pointí ar bith má thiteann an phailin isteach ina bhláth féin. Ba mhaith leis an phlanda go rachadh an phailin go dtí planda eile. Cuidíonn na beacha leis seo nó bíonn siadsan ag eitilt thart agus thig leo eitilt suas le 8km. Nuair a thiteann an phailin ar an stiogma i mbláth eile, is féidir leis an phlanda síolta nó torthaí a dhéanamh, ag brath ar an phlanda.

Labhandar

Ar an drochuair, tá líon na mbeach ag laghdú ar a lán cúiseanna. Ach is féidir leatsa cuidiú leo. Thiocfadh leat bláthanna mar labhandar nó lus na gréine a fhás, mar shampla, plandaí a bhfuil dúil ag na beacha iontu. Tá daoine ann agus tá eagla orthu roimh bheacha. An rud is fearr a dhéanamh ná fanacht ar shiúl uathu. Ná húsáid sprae nó maraíonn sin na beacha bochta.

Lus na gréine


Le déanamh:

Léigh tuilleadh faoi Lá Domhanda na mBeach anseo.

 

Bain triail as lus na gréine a fhás. Faigh pota agus cuir cré isteach ann. Cuir síol amháin isteach sa chré agus cuir giota beag uisce isteach ann gach lá sa dóigh nach dtriomaíonn an chré. I ndiaidh tamaill, fásfaidh planda nua as a síol. Ach bí cúramach! Beidh pota níos mó de dhíth ort go luath nó fásann lus na gréine go hard.



meas