Leon XIV

Dé Céadaoin, an 14ú Bealtaine 2025


Bhí lá stairiúil ag an Eaglais Chaitliceach, Déardaoin. Thart ar 6.30 tráthnóna, tháinig Robert Prevost amach ar an bhalcóin i gCearnóg Pheadair. Ach ní Robert a bhí air a thuilleadh – sheas Leon XIV, nó Leon a Ceathair Déag, os comhair na ndaoine, mar an pápa nua. Glacann an pápa nua ainm nua nuair a cheaptar é. Bhí na mílte duine ag fanacht leis an phápa nua i ndiaidh do 133 cairdinéal é a cheapadh an lá sin. Toit bhán an comhartha go raibh pápa nua ann.

Léirigh an toit bhán go raibh pápa nua ann

Fear as Chicago atá ann, an chéad phápa as na Stáit Aontaithe. Nuair a bhí sé óg, níor imir Robert cluichí mar ‘phóilíní agus gadaithe’, a dúirt a dheartháir. B’fhearr leis bheith ag súgradh mar shagart! Agus sin an post a ghlac sé nuair a d’fhás sé aníos.

Chuir na mílte duine fáilte roimh an phápa nua

Chaith sé tamall maith ag obair mar mhisinéir i bPeiriú agus, ina dhiaidh sin, mar easpag. Chuidigh sé leis na daoine bochta sa tír sin agus bhí meas mór ag na daoine air. Chaith sé an oiread sin ama sa tír go measann muintir Pheiriú gur duine dá gcuid féin atá ann!

Líoma, príomhchathair Pheiriú

Sa bhliain 2023, rinneadh cairdinéal de Robert agus síleann daoine go leanfaidh sé den obair a bhí ar siúl ag an Phápa Proinsias. Chuir an pápa nua béim ar shíocháin idir tíortha agus gur chóir do na reiligiúin uilig labhairt lena chéile. Ar an drochuair, tá daoine ann a úsáideann na difríochtaí idir reiligiúin le daoine a scaradh óna chéile.

Rinneadh cairdinéal de Robert Prevost i 2023


Le déanamh:

Ar léarscáil, aimsigh Chicago agus Peiriú. Cá mhéad ciliméadar atá eatarthu? Faigh trí fhíric faoi Pheiriú (príomhchathair, líon daoine atá ina gcónaí ann, na teangacha a labhraíonn siad, mar shampla).


Scríobh óráid don phápa nua. Cad é ba mhaith leat é a rá? Cad iad na rudaí is tábhachtaí agat féin?


Pictiúir:

Viva il Papa!: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Cairdinéal nua: Riccardo De Luca - Update / Shutterstock.com

Toit bhán: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Clúdach: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

An Pápa Leo ar an bhalcóin: Marco Iacobucci Epp


meas