Ógcheoltóirí Gaeil ar an Ardán Mór!

Dé Máirt, an 13ú Bealtaine 2025

Bhí grúpa ceoil óg as Béal Feirste le cluinstin ar na haerthonnta fud fad na Breataine agus na hÉireann ag an deireadh seachtaine. Oíche Shathairn, bhí ceol le The Falls le cluinstin ar BBC Raidió 1, ceann de na stáisiúin cheoil is mó sa chearn seo den Eoraip. 

‘The Falls’ ag seinm ag ceolchoirm dá gcuid


An samhradh seo caite, sheinn siad ceol os comhair na mílte duine ag Féile an Phobail i mBéal Feirste agus arís eile, ag ceolchoirm le hairgead a bhailiú do mhuintir na Palaistíne. Tá Féile an Phobail ar cheann de na féilte is mó in Éirinn agus ba iad the Falls an grúpa is óige riamh a sheinn ar an ardán mór ag an fhéile. Ach is céim mhór é seo don ghrúpa, nó éisteann níos mó ná 8 milliún duine leis an stáisiún raidió seo gach seachtain! 

Ar mhaith leatsa bheith ar an ardán os comhair na mílte mílte duine?

Ní hamháin go mbíonn ceol iontach ag an ghrúpa, d’fhreastail ceathrar den cúigear ceoltóirí ar Ghaelscoil na bhFál i mBéal Feirste agus tá siad anois ag freastal ar Choláiste Feirste, an mheánscoil lán-Ghaeilge is mó in Éirinn. Is amhrán Béarla a bhí le cluinstin ar an raidió oíche Shathairn ach deir an grúpa go bhfuil siad paiseanta faoin Ghaeilge agus faoi chearta teanga na nGael.

Faoi agallamh ar Raidió Fáilte – stáisiún raidió Gaeilge i mBéal Feirste


Labhair an NA le Séadhna, duine den chúigear agus deir sé go bhfuil sé thar a bheith bródúil go mbeidh an grúpa in ann tacú leis an teanga agus cearta do Ghaeilgeoirí a chur chun cinn ar an ardán mór. Deir sé gur ceann de na rudaí is mó a spreag an grúpa ná nuair a léigh siad ailt ar an Seomra Nuachta, blianta ó shin, agus iad ar an bhunscoil, faoi Ghaeil óga eile a bhí ag déanamh dul chun cinn ar an ardán idirnáisiúnta. Bhí aisling acu féin go dtiocfadh leo féin an rud céanna a dhéanamh agus d’oibrigh siad go crua ó shin leis an aisling sin a thabhairt isteach fíor.


Guíonn NuachtAnois gach rath ar an ghrúpa sna blianta atá romhainn!


Le plé

An bhfuil dúil agatsa sa cheol? Cén sórt ceoil is fearr leat agus cén fáth?

An seinneann tú gléasanna ceoil ar bith? Ar mhaith leat féin a bheith i ngrúpa ceoil? Cén sórt ceoil a bheadh agaibh?


Le déanamh

Ag obair leat féin, nó le cara nó cúpla cara – samhlaigh gur ceoltóir clúiteach thú. Éisteann na mílte mílte duine leat, fud fad an domhain, agus ba mhaith leat do chuid ceoil a úsáid le teachtaireacht láidir a chur amach faoi rud éigin tábhachtach. Cén rud a bheadh ann agus cén teachtaireacht a bheadh agat/agaibh? An dtiocfadh libh véarsa nó dhó den amhrán sin a scríobh? Seol isteach chugainn é! (Níos fearr arís, cuir ceol leis na véarsaí agus seol isteach taifeadadh nó físeán chugainn!)


meas