Buaiteoirí Scoildrámaíochta

Dé Luain, an 12ú Bealtaine 2025


Bhronn Éamonn Ó Cuív an corn ar an scoil

Bhí lá iontach ag Gaelscoil na gCrann ar na mallaibh. An tseachtain seo a chuaigh thart, bronnadh duais speisialta orthu, Buaiteoirí Scoildrámaíochta. Rinne Uachtarán an Oireachtais, Éamonn Ó Cuív, an bronnadh orthu sa Chlasach, amharclann nua i mBaile Átha Cliath.

Éamonn Ó Cuív

Gach bliain, glacann na mílte páiste páirt i gcomórtas Scoildrámaíochta ar fud na tíre. Bíonn babhtaí áitiúla ann agus téann na buaiteoirí ar aghaidh go dtí na babhtaí cúige, Cúige Laighean, Cúige Chonnacht, Cúige Uladh agus Cúige na Mumhan. Na buaiteoirí as na babhtaí seo, téann siad ar aghaidh go dtí an Fhéile Náisiúnta sa Mhuileann gCearr.

Dráma faoin seansaol a bhí ann

Bhain an scoil seo ón Ómaigh an chéad áit sa chatagóir s’acu ag an Fhéile Náisiúnta as an dráma ‘Istigh i mo chroí, tá neart’. Ba é an múinteoir acu, Risteard Mac Dáibhéid, a scríobh an dráma agus a stiúir é. Tá an stiúrthóir cosúil le captaen ar fhoireann agus déanann cinnte de go mbíonn a fhios ag gach duine cén áit a mbeidh siad le linn an dráma.

Bhí go leor aicsin sa dráma

Bhain an dráma leis an dóigh a raibh tiarnaí talún ag déanamh shaol na daoine iontach deacair cúpla céad bliain ó shin. Léiríonn sé an bochtanas agus an saol crua a bhí ag na daoine ag an am. Caitheadh daoine amach as a dteach nuair nach raibh siad ábalta an cíos a íoc.

Radharc eile ón dráma

Bhí am ar dóigh ag na haisteoirí óga ag bualadh leis na haisteoirí eile a bhain duaiseanna san Fhéile. Thig leat féin amharc ar dhráma eile a rinne an scoil anseo.


Le déanamh:

In bhur ngrúpaí, smaoinígí ar cheist atá tábhachtach daoibhse sa lá inniu. Le chéile, scríobh síos smaointe do dhráma bunaithe ar an cheist sin. Cé hiad na carachtair, cén áit a mbeidh an dráma suite, cad é a tharlaíonn sa dráma? Más maith libh, thiocfadh libh dráma beag a chur le chéile bunaithe ar an eolas seo.


meas