Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Agus muid ag teacht chuig deireadh na scoilbhliana, ní miste smaoineamh ar na múinteoirí agus na cúntóirí ranga atá againn. I dtíortha cosúil leis na Stáit Aontaithe, is é seo ‘Seachtain Buíochais do na Múinteoirí’ agus déanann siad obair na múinteoirí agus cúntóirí ranga a cheiliúradh. Ach tá níos mó ná ceiliúradh i gceist – seo deis le buíochas a ghabháil leis na daoine a chuidíonn linn gach lá ar scoil.
Ar ndóigh, is iad na múinteoirí a spreagann muid le bheith ag foghlaim agus tugann siad treoir dúinn nuair a bhímid ag streachailt. Tugann siad dúshláin dúinn sa dóigh go mbeidh muid níos féinmhuiníní. Déanann siad daoine fiosracha dínn, rud a bheas fíor, tá súil againn, nuair a bheas muid inár ndaoine fásta.
Cuireann múinteoirí agus cúntóirí ranga atmaisféar slán ar fáil sa seomra ranga. San atmaisféar seo, mothóidh gach duine go bhfuil spás acu foghlaim ag an ráta ceart dóibh féin. Déanann siad iarracht mhór ár gcuid ama sa rang a bheith pléisiúrtha – fiú an rang mata!
Ní post 9 go dtí 5 atá ann nó bíonn ar na múinteoirí na ranganna a ullmhú ina gcuid ama féin, san oíche nó ag an deireadh seachtaine. Is minic a dhéanann siad ár gcuid oibre a mharcáil taobh amuigh den scoil chomh maith.
Do na daoine a bheas ag imeacht go dtí an scoil mhór, seo an t-am a dtiocfadh linn ár mbuíochas a chur in iúl don mhúinteoir atá againn anois agus do na múinteoirí a bhí againn ó thosaigh muid. Mar sin, más maith leat do bhuíochas a chur in iúl, faigh dóigh le ‘Go raibh maith agat’ a rá.
Le déanamh:
Tóg cúpla bomaite leat féin agus scríobh síos rud nó dhó deas faoi do mhúinteoir, cosúil leis seo: ‘Go raibh maith agat as...’ nó ‘Chuidigh tú liom nuair a...’, mar shampla. Is féidir na nótaí beaga seo uilig a bhailiú agus a chur ar an bhalla le chéile.
I ngrúpaí, déanaigí liosta de na tréithe is mó atá de dhíth ar mhúinteoir. Léann na grúpaí na tréithe amach agus déantar liosta de na rudaí is tábhachtaí. An aontaíonn gach duine leis an liosta?