Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá clú agus cáil ar David Attenborough le fada an lá. Ní nach ionadh - bhí sé le feiceáil ar an teilifís don chéad uair thiar i 1954! Is nádúraí é. Le breis agus seachtó bliain anuas, léirigh sé agus chuir sé i láthair na céadta clár teilifíse faoi ainmhithe agus mionainmhithe an domhain seo.
(David Attenborough, pic le lev radin/Shutterstock.com)
Amárach, an 8ú lá Bealtaine, beidh a bhreithlá ann agus beidh sé 99 bliain d’aois! Is aois mhór í sin go cinnte, agus, de ghnáth, bheadh daoine ar an aois sin ina suí go compordach sa bhaile ag tógáil an saol go réidh. Ach, tá plean eile ag David Attenborough dá 99ú breithlá. Tá clár nua teilifíse ag teacht amach aige, darb ainm ‘An tAigéan’!
Le fada an lá, tá David Attenborough ag déanamh clár teilifíse faoi na héisc, na héin, na mamaigh, na reiptílí, na hamfaibiaigh, na mionbheithígh agus faoinár bpláinéad ina iomláine. Breis agus ceathrú céid ó shin, thug sé rabhadh faoin dochar a bhí á dhéanamh ag an chine dhaonna don phláinéad seo.
Anois, deir David Attenborough go bhfuil teachtaireacht thar a bheith tábhachtach aige dúinn ina scannán úr ‘An tAigéan’. Deir sé, “I ndiaidh domsa chóir a bheith céad bliain a chaitheamh ar an phláinéad seo, tuigim anois nach bhfuil an áit is tábhachtaí ar Domhan ar an talamh, ach san fharraige.” Míníonn sé an dochar atá á dhéanamh ag an chine dhaonna go fóill do na haigéin.
Ach, tá dóchas ann go fóill, a deir sé. Is féidir leis na farraigí iad féin a dheisiú má thugaimid an deis dóibh - gan a bheith ag iascaireacht barraíocht, ná ag scriosadh na ngnáthóg ag grinneall na farraige.
Ceisteanna le freagairt
🌍 Cé hé David Attenborough, de réir an ailt?
🌍 Cén bhliain ar thosaigh David Attenborough ag obair ar an teilifís?
🌍 Cén aois a bheidh David Attenborough amárach?
🌍 Cad é an teachtaireacht thábhachtach atá ag David Attenborough ina chlár nua, 'An tAigéan'?
🌍 Cén dá rud a deir David Attenborough ar chóir dúinn stop a chur leo le cuidiú leis na haigéin?
Le plé nó le déanamh
🌊 Déan taighde ar chlár teilifíse eile a rinne David Attenborough. Scríobh cúpla abairt faoin mhéid a bhí ann agus faoin mhéid a d'fhoghlaim tú.
🌊 San alt, tá roinnt focal i gcló glas (má chliceálann tú orthu, tiocfaidh míniú anuas dóibh). Roghnaigh trí fhocal eile ón alt nach bhfuil míniú leo agus bain úsáid as foclóir nó as an idirlíon le míniú a fháil orthu. Scríobh abairt le gach focal le taispeáint go dtuigeann tú é.
🌊 Dear póstaer le clár nua David Attenborough, 'An tAigéan', a chur chun cinn. Cuir pictiúr, teideal an chláir, agus an phríomhtheachtaireacht san áireamh.
🌊 Mar rang, scríobh litir chuig David Attenborough le comhghairdeas a dhéanamh leis as a bhreithlá. Cuir ceist amháin air faoi na haigéin nó faoina chuid oibre.
🌊 Pléigh le do rang nó le do theaghlach an fáth a bhfuil obair David Attenborough tábhachtach. Cad é a d'fhoghlaim tú ón alt seo faoinár bpláinéad agus faoinár gcuid aigéan?
🌊 Cad é an chuma a bheidh ar an Domhan seo nuair a bheidh tú féin 99? Cén bhliain a bheidh ann?