Lá an Bhua san Eoraip

Dé Máirt, an 6ú Bealtaine 2025


Cad é mar a mhothaíonn tú agus tú ag fanacht go mbeidh rud éigin críochnaithe, cosúil le cluiche, nó lá scoile, fiú? An mbíonn tú tógtha, neirbhíseach, nó dubh dóite, b’fhéidir?


Bhuel, thart faoin am seo ceithre scór bliain ó shin, bhí daoine ar fud an domhain ag fanacht le go dtiocfadh deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda. Bhí an Dara Cogadh Domhanda cosúil le cluiche a bhí iontach fada agus scanrúil. Mhair sé ó 1939 - 1945. Bhí go leor tíortha páirteach ann, agus bhí an saol an-deacair do na milliúin duine ar fud an domhain mar gheall air.

(I gcuid mhór tíortha, bhí ar na páistí imeacht ón chathair le bheith sábháilte.)


Ach ar an 8ú lá Bealtaine sa bhliain 1945, tháinig deireadh leis an chuid den chogadh a bhí ar siúl san Eoraip. D’aontaigh an Ghearmáin go gcuirfeadh siad stop le troid! Bhí áthas an domhain ar gach duine. Tugadh Lá an Bhua san Eoraip ar an lá speisialta seo. I mBéarla tugtar ‘VE Day’ air, agus i gcuid tíortha eile (amhail an Ísiltír agus an Danmhairg) tugtar Lá na Saoirse air.


I Londain, i bPáras agus i go leor cathracha agus bailte eile, bhí daoine ag damhsa sna sráideanna, ag canadh, agus ag cur bratacha amach. Bhí siad chomh sásta go raibh an cogadh thart san Eoraip agus go raibh an tsíocháin tagtha ar ais. Cé nach raibh an cogadh ar fad thart go fóill, bhí Lá an Bhua ina lá mórtais agus áthais do chách. Bhí sé tábhachtach fosta cuimhneamh ar na daoine a bhí cróga agus a chaill a mbeatha sa chogadh, agus buíochas a ghabháil as an tsaoirse a bhí acu anois.

(Stampa a eisíodh i Sasana i 1995, a dhéanann comóradh ar 50 bliain ó bhí Lá an Bhua san Eoraip ann.)


Déantar ceiliúradh ar Lá an Bhua go fóill inniu, le cuimhneamh ar an am sin agus le meas a léiriú ar na daoine ar fad a fuair bás sa chogadh mhór mharfach sin. Tá sé tábhachtach a thuiscint gur iontach an rud é an tsíocháin.

(uaigheanna i reilig sa Fhrainc de shaighdiúirí a fuair bás i rith an chogaidh.)


Níor tharla mórán ceiliúrtha in Éirinn ar Lá an Bhua san Eoraip. Go hoifigiúil, ní raibh Éire páirteach sa chogadh mar gur tír neodrach í. Ach, le fírinne, bhí na mílte fear óg ón tír seo páirteach in arm na Breataine agus fuair go leor acu bás sa chogadh.

(Bhí daoine ón tír seo páirteach in airm eile a bhí ag troid sa Dara Cogadh Domhanda.)


Liostaigh cuid acu in arm na Breataine mar gur shíl siad gurb é an rud ceart a dhéanamh le stop a chur leis an Ghearmáin, ag glacadh seilbh ar na tíortha beaga thart uirthi. Ba mhaith le cuid eile de na fir óga imeacht ar eachtra. Ach bhí go leor daoine ón tír seo a chuaigh isteach in arm na Breataine an t-am sin mar nach raibh jabanna ar bith ar fáil acu in Éirinn agus fuair siad íocaíocht mar shaighdiúirí san arm. 

(leacht cuimhneacháin in Ard Mhacha do shaighdiúirí ón cheantar a fuair bás sa dá Chogadh Domhanda)


Ar an drochuair, is minic nár tugadh aitheantas oifigiúil do na saighdiúirí ar fad ón tír seo a ghlac páirt, nó a fuair bás, sa Dara Cogadh Domhanda. Ach, le roinnt blianta anuas, tá an dearcadh sin ag athrú agus tá daoine anois ag aithint an ról a bhí acu i stair na hEorpa.

(suíochán cuimhneacháin i mBaile an Chaistil, Contae Aontroma.)

Ceisteanna le freagairt

  1. Tabhair ainm eile a thugtar ar Lá an Bhua san Eoraip?
  2. Cén bhliain inar tharla Lá an Bhua san Eoraip?
  3. Cén tír a chuir stop leis an troid san Eoraip?
  4. Cad chuige a raibh daoine chomh sásta ar La an Bhua?
  5. Cad chuige a ndéantar ceiliúradh go fóill ar Lá an Bhua inniu?


Le plé nó le déanamh

  • Dear póstaer le Lá an Bhua san Eoraip a cheiliúradh. (Déan taighde ar líne roimh ré agus amharc ar phictiúir de na rudaí a rinne daoine ar an lá sin - bratacha, cóisirí sráide, srl.).
  • Cruthaigh bratach a léiríonn teachtaireacht faoin tsíocháin.
  • Ról-imirt: Samhlaigh go raibh tú féin beo agus páirteach sa cheiliúradh ar Lá an Bhua san Eoraip. Cum dráma beag i ngrúpaí de 5 nó 6 ina mbíonn sibh ag glacadh páirte sna ceiliúrthaí. Bíodh duine amháin agaibh ina láithreoir ón raidió ag cur agallaimh ar na daoine eile sa ghrúpa. Cad é atá le feiceáil ar an lá sin? Cad é mar a mhothaíonn na carachtair éagsúla?
  • Scríobh dán gairid faoin tsíocháin nó faoin áthas a bhí ar dhaoine ar Lá an Bhua san Eoraip.
  • Taighde Beag: An bhfuil leacht cuimhneacháin ar bith faoin Dara Cogadh Domhanda i do cheantar? Tabhair cuairt uirthi agus foghlaim giota beag fúithi. Cad chuige ar cuireadh in airde í?



Creidiúintí

meas