Lá na nOibrithe

Dé Céadaoin, an 30ú Aibreán 2025


Bhí alt againn Dé Céadaoin faoi Lá Bealtaine, lá a bhí iontach tábhachtach do na Gaeil fadó. Ach an raibh a fhios agaibh gur lá iontach tábhachtach é an 1ú Bealtaine i gcuid mhaith tíortha ar fud an domhain, ar chúis eile? 

Tugtar Lá na nOibrithe ar an 1ú Bealtaine i roinnt mhaith tíortha


Tugtar Lá na nOibrithe ar an lá seo. Is lá é seo nuair a smaoinímid ar an ról atá ag oibrithe de gach cineál sa tír s’againn, agus ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh cearta agus cothromas ag na hoibrithe seo.

Blianta fada ó shin, is beag cearta a bhí ag oibrithe. 

⚒️ Bhí orthu uaireanta fada a oibriú, in amanna, seacht lá na seachtaine.

⚒️ Ní raibh sé de cheart acu sosanna a bheith acu, ná saoirí.

⚒️ Ní raibh a leithéid de rud ann agus ‘sláinte agus sábháilteacht’ san áit oibre. 

⚒️ Má gortaíodh thú agus tú ag obair, ní bhfuair tú ‘pá breoiteachta’ ná cúiteamh.

⚒️ Bhí an chumhacht uilig ag an fhostóir – thiocfadh leis nó léi tú a bhriseadh as do phost gan chúis ar bith!


Uaireanta fada ag obair gan sos, seacht lá na seachtaine, gan aon saoire!


Tógadh an grianghraf seo in 2023! Níl clogad ná miotóga sábháilteachta ar na daoine seo, agus is páiste é duine acu! Níl sé seo sábháilte ná cothrom ar na hoibrithe.

Pic le StevenK / Shutterstock.com


Níor cheart go mbeadh fostóir ábalta tú a bhriseadh as do phost gan chúis mhaith


Ach thart ar 200 bliain ó shin, thosaigh rudaí a athrú, go mall…

Thosaigh na hoibrithe a sheasamh suas dóibh féin. Tháinig siad le chéile agus chuir siad cumainn speisialta ar bun darbh ainm ceardchumainn. Chuir na cumainn seo brú ar na fostóirí agus ar an rialtas, cearta agus cosaint níos fearr a thabhairt d’oibrithe. Mháirseáil siad sna sráideanna agus, in amanna, chuaigh siad ar stailc.


Níor iarr siad ach rudaí iontach bunúsach:

👷 Sosanna le linn an lae oibre;

👷 Saoire anois agus arís, agus pá saoire;

👷 Áiteanna oibre níos sábháilte;

👷 Rialacha le nach mbeadh na fostóirí ag caitheamh go míchothrom leo.


Ach go fiú inniu, níl na rudaí seo ar fáil ag gach oibrí ar domhan. Go fiú anseo, in Éirinn, deir na ceardchumainn go bhfuil bealach fada le dul againn le go mbeidh cothrom na Féinne ag na hoibrithe uilig sa tír.

Bíonn ar oibrithe dul ar stailc go fóill le coinníollacha níos fearr a fháil


Go mion minic, faigheann na daoine a dhéanann cuid de na poist is deacra an pá is lú ach saothraíonn na daoine ar leo na siopaí agus na comhlachtaí is mó sa tír na múrtha airgid. Dar leis an charthanas Oxfam, in 2024, ba le 1% de dhaonra an domhain níos mó ná an leathchuid de shaibhreas an domhain! Ciallaíonn sé sin go dtéann an chuid is mó d’airgead an domhain chuig scaifte beag bídeach de mhilliúnaithe agus de bhilliúnaithe, cé gurb iad na hoibrithe a dhéanann an chuid is mó den obair!


Mar sin, ar Lá na nOibrithe, ní hamháin go smaoiníonn daoine ar na cearta bunúsacha ba cheart a bheith ag gach oibrí ar domhan, smaoinímid ar bhealaí eile leis an domhan a dhéanamh níos cothroime, le go dtiocfadh linn an saibhreas uilig ar domhan a roinnt níos cothroime ar na daoine a dhéanann an obair uilig a choinníonn an domhan ar obair!



Le plé

Déan liosta de chuid de na hoibrithe nach dtiocfadh linn dul gan iad sa cheantar nó sa bhaile s’agat.

‘Faigheann príomhoidí níos mó airgid ná múinteoirí, ach caithfidh múinteoirí an teagasc uilig a dhéanamh’ – cad é do bharúil air seo?

An dtig leat féin smaoineamh ar bhealaí leis an saibhreas uilig ar domhan a roinnt ar bhealach níos cothroime, nó an síleann tú go bhfuil rudaí cothrom mar atá? Mínigh do fhreagra.


Freagair na ceisteanna seo

1. Cad é an rud é ceardchumann? 

2. Cén fáth ar bunaíodh na ceardchumainn agus cad é a dhéanann siad?

3. Cad é a chiallaíonn ‘cothrom na Féinne’?

4. Cá mhéad den saibhreas ar domhan atá ag an 1% is saibhre, dar le Oxfam?


meas