Turas fíorúil go dtí an Zú le Adobe Express

Déardaoin, an 1ú Bealtaine 2025


A chairde Nuacht Anois, tá téarma an tsamhraidh buailte linn - hurá! Tá na laethanta anois níos faide, níos teo agus níos grianmhaire. Níl ach cúpla mí fágtha agaibh ar scoil. Seo é an t-am le giota craice a bheith agaibh leis an obair scoile agus tá smaoineamh maith againn daoibh leis sin a dhéanamh.


De ghnáth, bíonn turais scoile ag tarlú i rith téarma an tsamhraidh agus is minic a théann daltaí chuig áiteanna cosúil leis an Zú. Samhlaigh go raibh tú i d’ainmhí sa zú - cad é a bheifeá ag rá leis na cuairteoirí agus leis na hainmhithe eile?


A mhúinteoirí, an raibh a fhios agaibh gur féidir bogearraí Adobe Express a úsáid ar líne saor in aisce? Taobh istigh de Adobe Express, is féidir do ghuth féin a chur le cibé carachtar ba mhaith leat. Lean na treoracha thíos le do mhionfhíseán féin a chruthú mar a bheadh ainmhí sa zú ionat.


  1. Oscail Adobe Express agus roghnaigh “Fiosraigh gníomhaíochtaí gasta” (Explore quick actions).  
  2. Ansin roghnaigh “Cuir beochan le carachtair” (Animate characters) 
  3. Roghnaigh ainmhí  
  4. Roghnaigh cúlra trédhearcach   
  5. Roghnaigh an méid “Tírdhreach” (Landscape)  
  6. Cuir “Feabhsaigh an chaint” ar obair (Enhance speech)  
  7. Déan do chaint a thaifeadadh agus brúigh “déanta” nuair atá tú críochnaithe  
  8. Oscail in eagarthóir  
  9. Cliceáil ar théacs (más maith leat téacs ar bith a scríobh isteach ar an chúlra de d’fhíseán).                                                                                                                                                                                                                                          
  10. Cliceáil ar “Meáin” agus cuardaigh cúlra atá fóirsteanach                                                                                                                                                                                                                                            
  11. Cuir an pictiúr a roghnaigh tú isteach mar an cúlra ar d’fhíseán.  
  12. Seinn d’fhíseán. (Is féidir leat píosaí a ghearradh den fhíseán anois mura bhfuil siad de dhíth)     
  13. Anois, cuir ainm ar do chomhad   
  14. Cruthaigh nasc le hamharc ar d’fhíseán agus is féidir leat an nasc sin a roinnt le daoine eile (tuismitheoirí, rang eile, nó fiú linne) le go mbeidh daoine eile in ann amharc ar d’fhíseán) 


Cuidiú leis an tasc

  1. Déan pleanail sula dtosaíonn tú ar an tasc seo. Cad é an t-ainmhí a phiocfaidh tú? (Amharc ar na roghanna le chéile mar rang, b’fhéidir.) Cad é a déarfaidh tú i d’fhíseán? Scríobh cúpla nóta agus déan cleachtadh le cara sula ndéanann tú an fíorthaifead.
  2. Cuardaigh an focal “ríomhbheochan” ar Nuacht Anois agus léigh alt eile faoin chineál oibre seo.



meas