Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí féile mhór ag tús gach séasúir ag na Gaeil – beidh Oíche Bhealtaine ann anocht
Sa seanam in Éirinn, bhí 4 fhéile mhóra ann sa bhliain, ceann ag tús gach séasúir.
🔥 An tSamhain (nó féile na Samhna) – ag tús an gheimhridh
🔥 Imbolc – ag tús an earraigh
🔥 Bealtaine – ag tús an tsamhraidh
🔥 Lúnasa – ag tús an fhómhair
Is é an lá amárach Lá Bealtaine, an chéad lá den samhradh.
Las daoine tinte Oíche Bhealtaine
Ceann de na chéad rudaí a rinne daoine leis an Bhealtaine a cheiliúradh ná gur las siad tinte Oíche Bhealtaine (sin an oíche anocht). Chreid na daoine go raibh toit na dtinte seo iontach tábhachtach agus go gcoinneodh an toit iad féin agus a gcuid ainmhithe slán sábháilte an samhradh sin.
Shiúil siad na hainmhithe tríd na tinte
Ba ghnách leo siúl idir na tinte nó léim thar na tinte go fiú. Ba ghnách leo a gcuid ba a shiúl idir na tinte fosta. Mhúchfadh na daoine an tine ina dteach féin agus ansin lasfadh siad arís í le tine na Bealtaine. Tá go leor áiteanna in Éirinn a bhfuil an focal Bealtaine san ainm acu, bhí nós ag daoine tine mhór Bhealtaine a lasadh sna háiteanna seo. An Bhealtaine i dTír Eoghain agus An Bhealtaine i nDún na nGall, an dá shampla is clúití.
Tá frása sa Ghaeilge ‘idir dhá thine Bhealtaine’. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil a fhios agat cad é an rud ab fhearr le déanamh. Sa seanam, nuair a bhrúigh na daoine na ba idir dhá thine Bhealtaine, bheadh eagla ar na ba ar dtús agus ní bheadh a fhios acu cad é an rud ab fhearr le déanamh nó ní thiocfadh leo tiontú ar dheis agus ní thiocfadh leo tiontú ar chlé. Sa deireadh, ní raibh le déanamh ach brú chun cinn!
Bhíodh féasta mór ag na sean-Ghaeil Oíche Bhealtaine
Bhíodh féasta mór ag na sean-Ghaeil oíche Bhealtaine agus d’fhágadh siad rud beag bia amach do na sióga fosta. Ba ghnách leo an teach a mhaisiú le bláthanna, leis na bláthanna bána ón sceach gheal, go háirithe. Thug na daoine ‘bláth na Bealtaine’ ar na bláthanna seo.
An sceach gheal
Bláth bán na Bealtaine (bláthanna na sceiche)
Ní bhíonn an ceiliúradh céanna ann na laethanta seo ach is maith le daoine cuimhneamh ar na sean-nósanna agus ar na seanfhéilte a bhíodh ag na Gaeil fadó. In áiteanna difriúla sa tír, eagraíonn daoine imeachtaí difriúla in ómós do sheanfhéile na Bealtaine – féilte ceoil, mar shampla.
Bíonn féile mhór cheoil agus ealaíon ann sa Daingean i gContae Chiarraí ag an Bhealtaine
Le plé
🔥 Bíonn ceiliúradh mór againn go fóill ar Oíche Shamhna, in Éirinn. Ar cheart dúinn níos mó a dhéanamh leis na féilte eile a cheiliúradh, féile na Bealtaine, go háirithe? Cén fáth?
🔥 Samhlaigh dá mbeadh na sean-Ghaeil ar ais linn agus iad ag iarraidh Féile na Bealtaine a cheiliúradh ar an dóigh cheannann chéanna. An mbeadh cead acu sin a dhéanamh? Cén fáth?
Ceisteanna le freagairt
🔥 Cá mhéad féile mhór a bhíodh ag na sean-Ghaeil sa bhliain?
🔥 Cén séasúr a thosaíonn le Féile na Bealtaine?
🔥 Cén fáth ar las daoine tinte Oíche Bhealtaine?
🔥 Cad a rinne daoine lena gcuid ba Oíche Bhealtaine?
🔥 Cad é a chiallaíonn an frása ‘idir dhá thine Bhealtaine’?
🔥 Cad a rinne na daoine do na sióga Oíche Bhealtaine?