Slán le Proinsias

Dé Máirt, an 29ú Aibreán 2025


An Pápa Proinsias

D’fhág an Domhan slán leis an Phápa Proinsias, Dé Sathairn. Bhí ceannairí ó 130 tír i láthair ag an tórramh sa Vatacáin sa Róimh. Is stát í an Vatacáin agus bíonn an Pápa ina cheannaire ar an stát sin chomh maith le bheith ina cheannaire ar an Eaglais Chaitliceach. Bhí Uachtarán na hÉireann, Michael D Ó hUiginn, i láthair, chomh maith leis an Uachtarán Trump ó na Stáit Aontaithe, Keir Starmer, Príomh-Aire na Breataine agus an tUachtarán Macron as an Fhrainc.

Cailleadh an Pápa ar Luan na Cásca, i ndiaidh dó bheith tinn ar feadh tamaill. Bhí sé 88 bliain d’aois.

An chónra os comhair cheannairí an Domhain

Ní ócáid do cheannairí amháin a bhí ann nó bhí thart ar 400,000 duine i láthair. Chaith an Pápa Proinsias saol simplí agus chuidigh sé le daoine bochta agus le teifigh. Shíl a lán daoine gur lean an Pápa sampla Íosa.

Michael D Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann

Agus searmanas simplí a bhí ann chomh maith. An tseachtain seo a chuaigh thart, cuireadh corp an Phápa i gcónra adhmaid agus thug 250,000 duine cuairt air i gCearnóg Pheadair sa Vatacáin. Ansin, Dé Sathairn, chuir an Cairdinéal Re tús leis an tórramh. Labhair sé faoi shaol Phroinsias agus thug an slua bualadh bos.

Daoine i scuaine le slán a fhágáil le Proinsias

I ndiaidh an tórraimh, cuireadh an chónra ar Mhótar an Phápa, nó an ‘popemobile’, agus rinne sí a bealach go dtí Baisleac di Santa Maria Maggiore sa Róimh. Cuireadh an Pápa ansin.

Bhí na céadta míle duine i láthair ag an tórramh

Beidh roinnt laethanta de phaidreacha ag an eaglais agus ansin, ar an 7ú Bealtaine, socróidh na cairdinéil atá faoi aois 80 cé a bheas ar an chéad phápa eile. Tugtar ‘comhthionól cairdinéal’ ar an chruinniú seo de chairdinéil nó ‘conclave’.

Bhí na Cairdinéil uilig i láthair

Leanann na cairdinéil de bheith ag vótáil go dtí go bhfaigheann duine éigin 66% den vóta. Le linn an ama sin, ní bhíonn cead ag na cairdinéil labhairt le duine ar bith taobh amuigh. Ní bheidh a fhios againn cé a bheas ina phápa nua go dtí go bhfeictear an toit bhán ag teacht as simléar ar an Séipéal Sistíneach. Ag an am sin, tagann cairdinéal amach ar bhalcóin i gCearnóg Pheadair agus deir ‘Habemus papam’ – ‘Tá Pápa againn’. Tagann an Pápa nua amach ag an phointe sin agus bíonn a fhios againn uilig cé hé an Pápa nua.

Le déanamh:

Léigh tuilleadh faoin Phápa Proinsias anseo.


Don mhúinteoir:

Scéal Drámaíochta – ‘Habemus Papam!’

Aidhm: Tuigbheáil ar phróiseas tofa an Phápa trí rólghlacadh agus drámaíocht.


Treoracha:

    1. Roinn an rang i ngrúpaí beaga (8-10 bpáiste an grúpa).

    2. Tabhair treoir dóibh le dráma beag a dhéanamh ar an comhthionól cairdinéal, ag críochnú leis an toit bhán agus an Pápa nua ag teacht amach.

    3. Caithfidh gach dráma na gnéithe seo a bheith ann:

        • Tús an chomhthionóil – cairdinéil ag plé.

        • An vóta – b’fhéidir i bhfolach, le páipéir.

        • Teacht na toite báine.

        • Fógairt: ‘Habemus papam!’

        • Pápa nua ag labhairt leis an slua.


(Thiocfadh leis na daltaí comhráití beaga idir na ‘cairdinéil’ a chumadh chomh maith).


Mar chuid den dráma – smaoinígí ar na tréithe a bheadh de dhíth ar an duine le go ndéanfadh sé pápa maith.


Pictiúir:

An Pápa ag gáire: Fabrizio Maffei/Shutterstock.com

Cónra (x2): Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Cairdinéil: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Slua i gCearnóg Pheadair: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Michael D Ó hUiginn: Damien Storan / Shutterstock.com



meas