Leigheas ar thinneas taistil?

Dé Luain, an 28ú Aibreán 2025


An mothaíonn tusa tinn agus tú sa charr?


An maith leatsa bheith ag taisteal sa charr? Éiríonn a lán daoine tinn má bhíonn orthu turas fada a dhéanamh sa charr nó ar an bhus – go háirithe páistí. Go fiú daoine nach n-éiríonn tinn de ghnáth, ní thiocfadh leo leabhar a léamh sa charr, nó chuirfeadh sé sin tinneas taistil orthu.

Éiríonn a lán daoine tinn má bhíonn siad ag léamh sa charr


Bhuel, anois, síleann eolaithe sa tSeapáin go bhfuil leigheas acu ar an tinneas taistil. Níl le déanamh ach éisteacht le fuaim speisialta ar feadh thart ar bhomaite gach lá!


Tarlaíonn an tinneas taistil nuair a fhaigheann d’inchinn teachtaireachtaí contrártha ó do shúile agus ó do chluasa. Mar shampla, agus tú ag léamh sa charr, feiceann do shúile nach bhfuil an leabhar ag bogadh ach mothaíonn do chluas inmheánach go bhfuil tusa ag bogadh – cuireann sé seo d’inchinn trína chéile!


Tá jab speisialta ag do chluasa. Ní hamháin go n-úsáideann tú iad don éisteacht, cuidíonn siad leat tú a choinneáil ar do chothrom fosta! Tá an chluas inmheánach mar a bheadh leachtleibhéal ann – sin rud a úsáideann tógálaithe lena chinntiú go mbíonn rudaí cothrom.

Leachtleibhéal – úsáideann tógálaithe iad lena fheiceáil an bhfuil rudaí cothrom

Pictiúr le @Stavariocz trí Giphy


leacht i do chluas inmheánach (go díreach cosúil le leachtleibhéal) a bhogann nuair a thiontaíonn tú nó nuair a chlaonann tú do cheann. Ligeann sé seo don inchinn an chuid eile de do chorp a bhogadh mar is ceart le tú a choinneáil ar do chothrom, le nach dtitfidh tú!

Cuidíonn an leacht i do chluas inmheánach leat tú a choinneáil ar do chothrom


Fuair na heolaithe amach go gcuidíonn sé go mór linn éisteacht le fuaim ar mhinicíocht speisialta (100hz) ar feadh 1 bhomaite sula n-imímid sa charr. Deir siad anois go ndéanfaidh siad níos mó oibre lena fheiceáil an oibreoidh an cleas céanna leis an tinneas farraige nó an tinneas aeir. 

Gach seans go gcuideoidh obair na n-eolaithe seo leis na mílte mílte páiste ar fud an domhain a bhíonn tinn sa charr!


Freagair na ceisteanna seo – cuir tic sa bhosca chuí


1. Cad é an rud é tinneas taistil?




2. Cad a shíleann na heolaithe sa tSeapáin?




3. Cén fáth a mbíonn daoine tinn agus iad ag léamh sa charr?




4. Cén chuid den chorp a chuidíonn leat fanacht ar do chothrom?




5. Cad é atá sa chluas inmheánach a chuidíonn leis an chothromaíocht?




6. Cad é an rud minicíocht fuaime? (Cliceáil ar an hz thuas!)




7. Cá mhéad ama a mholtar do dhaoine éisteacht leis an fhuaim speisialta gach lá?




8. Cad iad na cineálacha eile tinneas a bhfuil siad ag iarraidh an cleas a thriail orthu?




Le plé / le déanamh

An dtagann tinneas taistil ortsa? Cad iad na cleasa a úsáideann tú féin le nach mbeidh tú tinn?

An raibh tú riamh ar bhád? Ar tháinig tinneas farraige ort? Cad é a rinne tú?


meas