Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Beidh an Cháisc iontach mall i mbliana, Dé Domhnaigh, an 20ú Aibreán. Is féidir leis an lá tábhachtach seo titim am ar bith idir an 22ú Márta agus an 25ú Aibreán. Is lá iontach tábhachtach é do Chríostaithe ar fud an domhain nó is ar an lá seo a d’éirigh Íosa ón Bhás. Is comhartha dóchais é seo go bhfuil an lámh in uachtar ag an bheatha agus gurbh é Íosa a rinne seo trína bhás ar an chros.
Bíonn seachtain iomlán de cheiliúradh ann aimsir na Cásca agus tugtar an tSeachtain Mhór uirthi. Thosaigh sé inné le Domhnach na Pailme. Seo an lá a tháinig Íosa isteach in Iarúsailéim agus chuir daoine fáilte mhór roimhe. Chaith siad pailmeacha ar an talamh mar chomhartha ar an áthas a bhí orthu.
Dhíol Iúdás Íosa ar 30 píosa d’airgead
Dé Céadaoin, beidh Céadaoin an Bhraith ann. Ciallaíonn ‘brath’ feall a dhéanamh ar dhuine nó iad a thréigean. Ar an lá seo, rinne Iúdás socrú go ndéanfadh sé an feall ar Íosa.
An Suipéar Déanach
An lá dár gcionn, Déardaoin Beannaithe, bhí an Suipéar Déanach ag Íosa agus an Dáréag Aspal. Ag an ócáid seo, dúirt Íosa go ndéanfadh duine de na haspail feall air. An oíche sin, thréig Iúdás Íosa nuair a phóg sé é. Ní raibh grianghraif ann ag an am seo agus ní raibh na saighdiúirí Rómhánacha cinnte cén chuma a bhí ar Íosa. Nuair a phóg Iúdás é, bhí a fhios acu cé a bhí ann agus ghabh siad é. Dhíol Iúdás Íosa ar 30 píosa d’airgead.
Ar an Aoine, Aoine an Chéasta, crochadh Íosa ar an chros agus fuair sé bás. Creideann daoine go bhfuair Íosa bás ar ár son agus ar son ár bpeacaí.
Trí lá ina dhiaidh, ar Dhomhnach na Cásca, d’éirigh Íosa ó na mairbh, rud a thugann dóchas do Chríostaithe go bhfuil Dia níos láidre ná an bás féin.
Beidh seachtain saoire againn don Cháisc agus bíonn dúil ag daoine leis an dea-aimsir le go dtiocfadh leo rudaí a dhéanamh taobh amuigh. Ar an drochuair, is cosúil go mbeidh deireadh leis an dea-aimsir a bhí againn le cúpla seachtain. Deir lucht thuar na haimsire go mbeidh aimsir níos fliche ann thart ar Dhomhnach na Cásca agus go mbeidh cith is gealán ina dhiaidh sin.
Le plé:
Le tamall anuas, tá daoine ag rá gur chóir go mbeadh Domhnach na Cásca ar an dáta céanna gach bliain. An aontaíonn tú leis sin? Luaigh buntáiste amháin agus míbhuntáiste amháin.
Cén chuid den Cháisc is mó a thaitníonn leatsa agus cén fáth?
Pictiúir:
An Suipéar Déanach: Renata Sedmakova / Shutterstock.com