‘Seacláid sa Bhreis’

Dé hAoine, an 11ú Aibreán 2025


Tá an Cháisc ag teannadh linn. Léiríonn suirbhéanna go gcaitheann an gnáthdhuine fásta níos mó ná €30 ar uibheacha Cásca gach bliain. Anois, thig leat go leor uibheacha a fháil ar €30, agus, ar an dea-uair daoibhse, ní DÓIBH féin a cheannaíonn daoine fásta na huibheacha Cásca seo. Tugtar an chuid is mó de na huibheacha Cásca a cheannaítear gach bliain do pháistí.

Faigheann páistí a lán (barraíocht? 😉) seacláide ag an Cháisc 


Idir na huibheacha a fhágann ‘Coinín na Cásca’ agus na huibheacha eile a fhaigheann siad ó aintíní, uncailí agus cairde, faigheann roinnt páistí in Éirinn suas le 8 n-ubh Cásca! Mar sin, bíonn i gcónaí rud beag ‘seacláid sa bhreis’ ina luí thart faoin teach um Cháisc agus beidh sibh sásta a chluinstin go bhfuil cúpla smaoineamh ag NuachtAnois le cuidiú libh bhur gcuid ‘seacláid sa bhreis’ a úsáid!


Sólaistí leáite

Na torthaí is fearr leat tumtha sa tseacláid


Leáigh cuid den tseacláid agus tum na torthaí is ansa leat isteach inti!


De dhíth:

100g de sheacláid

Torthaí (úlla, oráistí, piorraí, sútha talún srl.), gearrtha ina slisíní


🍫 Má tá scálaí agat, tomhais amach 100g de sheacláid (nó dhéanfadh 1 ubh Chásca mheánmhéide).

🍫 Bris an ubh ina píosaí beaga agus cuir i mbabhla mór í. (Déan cinnte de go bhfuil an babhla teasdíonach – go dtig leat é a chur sa mhicreathonnán nó é a théamh suas).

🍫 Faigh cuidiú ó dhuine fásta agus leáigh an tseacláid. Tá dhá rogha agat:

A: Cuir an babhla sa mhicreathonnán, ar theas ard, ar feadh 10 soicind. Bain amach é agus corraigh an tseacláid. Lean de seo, 10 soicind gach uair, go dtí go mbíonn an tseacláid iomlán leáite.

B: Faigh sáspan atá rud beag níos lú ná an babhla agus cuir uisce isteach ann. Cuir an sáspan ar sorn agus téigh suas an t-uisce. Cuir an babhla ar bharr an tsáspain agus corraigh an tseacláid go dtí go mbíonn sí leáite. (BÍ CINNTE GO gCUIDÍONN DUINE FÁSTA LEAT MÁ LEÁNN TÚ AN tSEACLÁID AR AN DÓIGH SEO).

🍫 Nuair a bheidh an tseacláid leáite, tum píosaí de thorthaí (nó cnónna, nó brioscaí, go fiú) isteach inti. Thig leat iad seo a fhágáil sa chuisneoir cúpla bomaite go dtí go mbeidh an tseacláid crua arís.




Cístíní Calóga Arbhair

Bonnóga calóga arbhair agus ubh bheag ar an bharr


Oibríonn an t-oideas seo le calóga arbhair nó le brioscáin ríse. Cosúil le gnáth-bhonnóga calóga arbhair ach le cúpla rud sa bhreis a dhéanann fíorspeisialta iad!


De dhíth

50g d’im

100g de sheacláid

3 spúnóg thábla d’órshúlach

100g de chalóga arbhair


🐰 Lean céimeanna 1, 2 agus 3 thuas ach bí cinnte de go gcuireann tú an t-órshúlach agus an t-im isteach sa bhabhla leis an tseacláid.

🐰 Nuair a bheidh an meascán leáite, measc isteach na calóga arbhair.

🐰 Cuir codanna den mheascán isteach i gcásanna bonnóige ar thráidire agus cuir an tráidire sa chuisneoir go n-éireoidh an tseacláid crua arís.




Níl thuas ach dhá smaoineamh le do chuid ‘seacláid sa bhreis’ a úsáid – is cinnte go mbeidh go leor smaointe eile agat féin, ag duine sa bhaile nó ag do mhúinteoir. Bainigí sult as an Cháisc!


Le déanamh

Bhuel, an bhfuil oidis ar bith agaibh féin? Scríobh síos iad agus seol isteach iad chuig: nuacht@aisaonad.org. Níos fearr arís, tóg cúpla pictiúr agus seol iad sin isteach chugainn fosta!


meas