Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá scannán úr amuigh sna pictiúrlanna faoi láthair atá bunaithe ar an chluiche Minecraft. B’fhéidir go bhfaca tú cheana é? Nó, an bhfuil tú eolach ar an chluiche Minecraft? Is físchluiche é a ligeann duit gach rud a thig leat a shamhlú a thógáil.
Thosaigh Minecraft thiar sa bhliain 2009 sa tSualainn. Bhí fear cliste darbh ainm Markus Persson (nó "Notch" mar a thugtar air go minic) ag obair ar chluiche nua. Bhí sé ag iarraidh cluiche a chruthú inar féidir le daoine bloic a chur le chéile, cosúil le LEGO fíorúil.
D’éirigh go han-mhaith leis an chluiche ón tús agus roimh i bhfad bhí an-ráchairt air. Bíonn Minecraft anois á imirt ag na milliúin duine ar fud an domhain! Thig leat do theach féin, caisleán ollmhór, nó fiú cathair iomlán a thógáil. Ní hamháin sin, ach is féidir leat dul ar eachtraí, acmhainní a bhailiú mar adhmad agus cloch, agus fiú créatúir a fheiceáil (cuid acu atá cairdiúil, cuid eile nach bhfuil an oiread sin!)
Seans go mbíonn do thuismitheoirí buartha go gcaitheann tú barraíocht ama ag súgradh ar Minecraft - ach tá níos mó i gceist leis ná spraoi go díreach. Cuidíonn sé leat a bheith cruthaitheach agus a bheith ag smaoineamh ar bhealaí difriúla. Caithfidh tú fadhbanna a réiteach nuair a bhíonn tú ag tógáil agus ag iniúchadh.
Is féidir imirt le do chairde fosta, rud a chiallaíonn go mbíonn sibh ag foghlaim an bealach le bheith ag comhoibriú lena chéile mar fhoireann. Mar sin de, cé go bhfuil sé spraíúil, tá Minecraft go hiontach le do scileanna smaointeoireachta a chur ag obair fosta!
Freagair na ceisteanna seo:
Le plé nó le déanamh: